Mòrag NicGumaraid
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1950 73/74 bliana d'aois Ròdhag, Scotland |
Áit chónaithe | Slèite |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Teaghlach | |
Siblín | Catrìona NicGumaraid |
Rugadh Mòrag NicGumaraid in 1950 in Ròdhag, láimh le Dùn Bheagain ar an Eilean Sgitheanach. Is í deirfiúr an fhile Catrìona NicGumaraid í. Chuaigh sí ar Bhunscoil an Bhatain agus ar Ardscoil Phort Rìgh, sular chaith sí seacht mbliana i Scoil Ealaíne Ghlaschú agus gur fhill sí ar theach an teaghlaigh. Phós sí in 1972 agus chuir fúithi i nGleann Dàil chun a clann a thógáil, sular thosaigh sí ag tabhairt aire dá máthair agus dá deartháir.[1]
Chuir sí fúithi i Slèite, gar do Shabhal Mòr Ostaig, sna nóchaidí, agus chaith cúig mhí i nGaillimh, mar a bhfuair sí oiliúint mar phuipéadóir teilifíse. Lean sí uirthi ag scríobh scripteanna agus ag déanamh páirteanna i sraitheanna teilifíse, agus ag déanamh ealaíne ina dhiaidh sin.[1]
Tá a cuid dánta léite aici ar fud na hAlban agus na hÉireann. D’fhoilsigh sí dánta san iris Gairm, in éineacht lena deirfiúr agus le Aonghas MacNeacail. Tá a cuid filíochta le fáil ina lán duanairí: An Tuil, curtha in eagar ag Raghnall MacIlleDhuibh; Sruth na Maoile, Michael Davitt agus Iain MacDhòmhnaill; An Leabhar Mòr, Calum MacIlleEathain agus Theo Dorgan, agus These islands, we sing: an anthology of Scottish islands poetry, Caoimhín MacNèill.[1]
Tá amhráin déanta de chuid dá saothar.
Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sliocht as “Coimhead iad fhathast a’ tighinn”:[2]
- Rugadh iad don ghrèin
‘s sheòl iad greiseag ga h-ionnsaigh
- fear an dèidh fir
- ceum air cheum
- ‘s cha bhi
- air fhàgail
- ach an onair
- ‘s cha bhi
- air a sgrìobhadh
- air oiteag gaoithe.
- fear an dèidh fir
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A’ Choille Chiar (le Catrìona NicGumaraid) (Glasgow: Clò-Beag, 1974)