Jump to content

Gairm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesGairm
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
TeangaGaeilge na hAlban
Am tosaigh1951 Cuir in eagar ar Wikidata
Am deiridh2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Ruaraidh MacThòmais agus Fionnlagh J. MacDhòmhnaill

Ráitheachán i nGaeilge na hAlban ba ea Gairm. Bhunaigh Ruaraidh MacThòmais agus Fionnlagh Dòmhnallach í in 1951, agus tháinig an chéad eagrán amach i Meán Fómhair 1952. Bhí an Dòmhnallach ina eagarthóir uirthi go dtí 1964; d’fhan McThomáis ann go dtí gur tháinig deireadh leis an iris in 2004, tar éis gur foilsíodh beagán os cionn dhá chéad eagrán.[1][2]

Deir Alan Campbell, údar A Waxing Moon: The Modern Gaelic Revival, go raibh rath na hirise ag brath go mór agus i bhfad ar aon duine amháin, MacThomáis féin.[3] Cé nach raibh sí á léamh ag neart daoine, d’fhág sí a rian ar litríocht na Gaeilge in Albain toisc go raibh sí ar an iris Ghaeilge ab fhaide a bhí á foilsiú sa fichiú haois, dhá uair níos faide ná an iris a bhí ann roimpi, Guth na Bliadhna. Bhí éagsúlacht ag roinnt leis an ábhar,[3] agus mheall sí chuici scríbhneoirí suntasacha, ina measc Deòrsa Mac Iain Dheòrsa, Iain Mac a' Ghobhainn, Maoilios Caimbeul, Catrìona NicGumaraid, agus Ruaraidh MacThòmais féin.

Foilsíodh filíocht thábhachtach ar Gairm: “Hallaig”, dán cáiliúil le Somhairle MacGill-Eain, in 1954, agus filíocht le Deòrsa Mac Iain Dheòrsa, Iain Mac a' Ghobhainn, Maoilios Caimbeul, agus Catrìona NicGumaraid. Ina theannta sin, d’fhoilsigh Gairm gearrscéalta le Eilidh Watt agus Iain Mac a' Ghobhainn.

Bhí tábhacht le haistriúcháin (mar shampla, filíocht Anna Akhmatova agus í aistrithe ag Crìsdean MacIlleBhàin, Aireamh 125, Geamhradh 1983-1984) agus le léirmheastóireacht leis an Ollamh Dòmhnall Meek agus le Dòmhnall MacAmhlaigh.

Nuair a stadadh de Gairm a fhoilsiú, tháinig iris nua, Gath (2003–8), ina háit, agus ina háit siúd arís tháinig Steall, iris ar foilsíodh an chéad eagrán di in 2016.[4]

Scríbhneoirí de chuid Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir teidil agus scríbhneoirí in Gairm a lorg anseo:

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Finlay J. McDonald".
  2. Koch, John T. (2006). "Celtic culture: a historical encyclopedia". ABC-CLIO. Dáta rochtana: 16 June 2011. 
  3. 3.0 3.1 "A Waxing Moon: The Modern Gaelic Revival" (as en) (21 October 2011). Random House. Dáta rochtana: 10 July 2017. 
  4. "STEALL 01".