Ruaraidh MacThòmais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ruaraidh MacThòmais
Saol
Eolas breitheSteòrnabhagh, 5 Lúnasa 1921
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásGlaschú, 21 Márta 2012
Oideachas
Alma materOilthigh Obar Dheathain
Coláiste Emmanuel, Cambridge
Sgoil MhicNeacail
TeangachaGaeilge na hAlban
an Béarla
Gairm
Gairmstaraí, aistritheoir, scríbhneoir, file, staraí liteartha agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Ghlaschú
Duaiseanna
BallraíochtAn tAcadamh Briotanach
Cumann Ríoga Dhún Éideann
GluaiseachtAthbheochan na hAlban
Gluaiseacht ealaínefilíocht

File cáiliúil Albanach ab ea an tOllamh Ruaraidh MacThòmais MA, BA, Dlitt, FRSE, FBA (5 Lúnasa, 1921 - 21 Márta, 2012) ar a dtugtar Derick S. Thomson i mBéarla. Ba as Eilean Leòdhais é ar dtús, ach chaith cuid mhaith dá shaol i nGlaschú, áit a raibh sé ina Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú 1963-1991. Chuir sé an chuideachta fhoilsitheoireachta Gairm, in éineacht lena hiris, a raibh ian thréimhseachán go hiomlán i Gaeilge na hAlban is faide ar siúl riamh, i gcló le breis agus caoga bliain faoina eagarthóireacht. Tá Gairm tar éis scor ó shin, agus ina háit tá Gath. Bhí sé ina Uachtarán Oinigh ar Leabharlann Filíochta na hAlban (Béarla: Scottish Poetry Library), agus ina Chomhalta de Chumann Ríoga Dhún Éideann (Béarla:The Royal Society of Edinburgh ) agus Acadamh na Breataine (Béarla: The British Academy). I Meitheamh 2007, fuair sé céim oinigh ó Ollscoil Ghlaschú.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as Pabail Uarach, i Leódhas ó dhúchas Ruaraidh MacThòmais, an áit chéanna a tháirgeadh dhá scríbhneoirí tábhachtacha Gaeilge eile: Iain Mac a' Ghobhainn agus an Dr. Anne C. Frater.