Guylaine Guy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGuylaine Guy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Guylaine Chailler
6 Aibreán 1929
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Márta 2024 ↔ 31 Márta 2024
94 bliana d'aois
Saint-Arnoult, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteGuylaine Guy Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePáras
Trouville-sur-Mer
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraSnagcheol
TeangachaAn Fhraincis
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilRCA Victor Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínColette Bonheur

IMDB: nm0349817 Musicbrainz: 1ff268f2-f9f3-41aa-a2b6-1fb1cb03e19f Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí, aisteoir agus péintéir ab ea Guylaine Guy. Rugadh í mar Guylaine Chailler in Montréal ar an 6 Aibreán 1929. Ba í iníon Lise Bonheur, amhránaí agus aisteoir ó Québec, í, agus deifiúr Colette Bonheur, amhránaí ó Québec. Fuair sí bás ar 30 nó 31 Márta 2024.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Guylaine Guy ag canadh in Montréal sna ceabairéanna, go háirithe san Au Faisan Doré in 1950. In 1952 thogh an nuachtán laethúil Radiomonde mar Miss Radio-Télévision í.

Tháinig Charles Trenet trasna uirthi in Montréal in 1955 agus bhí ina chomhairleoir aici, ag scríobh amhrán di. Tharraing sí aird uirthi féin ag canadh san amharclann Olympia i bPáras le Trenet agus le Louis Armstrong. Chuir sí fúithi go buan i bPáras in 1956 agus rinne roinnt ceirníní.

Rinne sí páirteanna sna scannáin La nuit des suspectes (1957), The Big Record (1957) (ina hamhránaí) agus Trente-Six Chandelles (1952).

Tar éis di camchuairt a dhéanamh san Eoraip, i dtuaisceart na hAfraice agus sa Mhéan-Oirthear, d’fhill sí ar feadh tamaill ar Québec, áit ar thaibhrigh sí ar an teilifís. Rinne sí páirt Irma la douce don Théâtre du Nouveau-Monde. I 1963 d’éirigh thar cionn léi ag canadh Salvame Dios.

In 1963 phós Guylaine Guy an dlíodóir Charles Libman. Tamall gearr ina dhiaidh sin thréig sí an amhránaíocht agus chuaigh leis an bpéinteáil. In 1998 chuir sí stiúideo ar bun in Trouville-sur-Mer (Calvados) [1].

Rinneadh ridire d’ord náisiúnta an Légion d'honneur de Guylaine Guy ar an 14 Iúil 2010. Bronnadh an bonn uirthi ar 18 Márta 2011 in Trouville-sur-Mer.[1]

Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Guylaine Guy - "Ou sont ils donc?" (1955): [1]

Guylaine Guy - "Au revoir": [2]

Guylaine Guy - "Je t'attends" (1963): [3]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ouest-France, eagrán Calvados, 21 Márta 2011.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]