Charlie Lennon
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1938 |
Bás | 8 Meitheamh 2024 85/86 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, fidléir, pianódóir, ceoltóir |
Fisiceoir, ríomheolaí agus ceoltóir traidisiúnta mór le rá ba ea Charlie Lennon (1938/1939 - 8 Meitheamh 2024).[1][2][3] Ba duine é a chuir go mór le forás agus le bisiúlacht an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ón am a bhí sé ina ógfhear. Nuair nach raibh sé mar phríomhcheoltóir, bhí an-tóir air mar thionlacaí.
Ní gan ábhar a bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann stádas mar Ard-Ollamh ar an Leannánach in 2005, ní áirím Gradam Cumadóireachta TG4 a bronnadh air an bhliain dar gcionn.[4] Is beag ceoltóir traidisiúnta in Éirinn, má tá, nach bhfuil roinnt de na foinn a chum Charlie Lennon ina stór seanma féin acu.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gCoillte Clochair i gCo Liatroma a rugadh Charlie Lennon agus dlúthchuid dá shaol a bhí sa cheol ó chrom sé ar bpianó agus ar an bhfidil a fhoghlaim nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Bhí meabhair chinn ag an mbuachaill agus faoi stiúir a mhúinteora Theresa Gilmartin bhí an barrghrád ar an bpianó bainte amach aige faoin am a bhí sé ceithre bliana déag.[2]
Bá é a dheartháir Ben a mhúin an fhidil dó agus thug sé neart ceoil leis de réir cluaise freisin, go háirithe ó cheirníní 78. Ina cheann sin, d’fhoghlaim sé an veidhlín chlasaiceach agus armóiní snagcheoil, agus bhí sé bainteach le bannaí céilí agus rince agus é fós ina dhéagóir – Banna Richard Fitzgerald agus Banna Easa Rua ina measc.
I 1960, thug Charlie aghaidh ar Ollscoil Learphoill. Fuair sé Ph.D san fhisic sa bhliain 1968. Chuaigh sé i bpáirt le Banna Céilí Learphoill nuair a bhí sé thall.
I 1966, phós sé an t-amhránaí sean-nóis Síle Ní Fhlaithearta as an Spidéal i gConamara agus d’fhill an lánúin ar Éirinn trí bliana ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé le Aer Lingus ar dtús nuair a d'fhill sé.[5] Bhunaigh sé a chomlacht féin, CHL Software in 1986 agus bhí sé ina chonaí i mBinn Eadair le linn am ama seo.
Chuaigh sé ar scor in 1998 agus bhog sé go dtí Gaillimh.
85 bliain d'aois a bhí sé nuair a bhásaigh sé ar an 8ú Meitheamh 2024 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh Maireann a bhean Síle, triúr clainne agus clann a chlainne.[1]
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na bhfonn is aitheanta a chum Charlie Lennon i gcaitheamh na mblianta, tá an port The Flying Wheelchair, an cornphíopa Planxty Joe Burke agus an ríl Kilty Town.[2]
Chum sé saothair mhóra do cheolfhoirne chomh maith, mar atá, The Emigrant Suite (1984), Island Wedding (1991), The Famine Suite: flight from the hungry land (1996) agus Áille na hÁille in onóir óglaigh 1916 (2011).
I 1993, foilsíodh an leabhar Musical Memories ina bhfuil nodaireacht 30 fonn a chum sé.
In 2007, eisíodh DVD ina dtugann sé cuntas ar shainteicníocht fidléireachta na hÉireann agus chuir sé Musical Memories 2 amach in 2013.
Bhí tionchar na seanfhidléirí as Sligeach Michael Coleman, James Morrison agus Paddy Killoran le brath i gcónaí ar a chuid ceoil. D’oibrigh mar thionlacaí pianó le ceoltóirí cosúil le Frankie Gavin, Joe Burke agus an cairdíneoir Johnny Óg Connolly (a rinne an t-albam Dusk till Dawn in éindí le Charlie Lennon in 2005).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Death Notice of Charlie Lennon (Spiddal, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-09.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-06-09). "An ceoltóir traidisiúnta mór le rá Charlie Lennon tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Charlie Lennon" (en-IE). Féile Oriel 2024. Dáta rochtana: 2024-06-09.
- ↑ "ITMA — Charlie Lennon" (en-US). Dáta rochtana: 2024-06-09.
- ↑ "Fiddler on the hoof" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-09.