Cath na Fraince
Cineál | cath ![]() |
---|---|
Cuid de | Western Front (en) ![]() ![]() |
Tréimhse | 10 Bealtaine - 25 Meitheamh 1940 |
Dáta na bliana | 25 Meitheamh 1940 ![]() |
Suíomh | Lucsamburg An Bheilg An Fhrainc an Ísiltír, Ríocht na hÍsiltíre ![]() |
Rannpháirtí | Troisième République Gearmáin na Naitsithe Ríocht na hIodáile French colonial empire (en) ![]() An Bheilg An Ríocht Aontaithe Ceanada Ríocht na hÍsiltíre Lucsamburg Polish Armed Forces in the West (en) ![]() Czechoslovak government-in-exile (en) ![]() Walther von Brauchitsch (en) ![]() Gerd von Rundstedt (en) ![]() Fedor von Bock (en) ![]() Wilhelm Ritter von Leeb (en) ![]() Albert Kesselring (en) ![]() Hugo Sperrle (en) ![]() Heinz Guderian Umberto II of Italy (en) ![]() Maurice Gamelin (en) ![]() Alphonse Georges Maxime Weygand (en) ![]() Leopold III na Beilge John Vereker, 6th Viscount Gort (en) ![]() Henri Winkelman Władysław Sikorski An Ais Comhghuaillithe ![]() |
Le cuid | |
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, thosaigh Cath na Fraince ar 10 Bealtaine 1940. Tháinig deireadh leis an gCogadh Bréige nuair a thug arm na Gearmáine ruathar ar an Lucsamburg, ar an mBeilg agus ar an Ísiltír agus ghlac seilbh orthu sna laethanta ina dhiaidh sin.
Is ar an tríú lá Meithimh a thit na chéad bhuamaí ar Pháras.[1] Theith rialtas na Fraince, rialtas Paul Reynaud, go Bordeaux ar an 10 Meitheamh. Is faoi cheannas an Wehrmacht ceithre lá níos déanaí, ar 14 Meitheamh, a thit an phríomhchathair, Páras.
D'éirigh Reynaud as ar 16 Meitheamh.
Tháinig Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda, i gcomharbacht ar rialtas Reynaud. Ar 17 Meitheamh, dúirt Pétain leis an bpobal, i gcraoladh raidió náisiúnta: 'C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat' nó 'Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh'.
Theith De Gaulle ar an lá céanna agus bhain sé Londain amach.
An lá dár gcionn, ar an BBC, thug De Gaulle óráid dhúshlánach ar an raidió, agus freagra ar Pétain. Dúirt de Gaulle, 'Quoi qu’il arrive, la flame de la résistance française ne doit pas s’éteindre et ne s’éteindra pas" nó "Más mall lasair na saoirse, ná múchtar is ní mhúchfar í'.
Glaoitear an ‘Appel du 18 juin’ ar an bhfógairt seo. Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid. Mar sin chuir de Gaulle tús leis an ngluaiseacht France Libre agus an Résistance sa Fhrainc.
Tháinig Hitler go Compiegne ar 21 Meitheamh chun sos cogaidh a shiniú.
Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "L’Appel du 18 juin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-14.
![]() | Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |