Craolachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba é Guglielmo Marconi a dhear an céad craolachán a bhí ar a chumas éisteacht i bhfad i gcéin. Is le gathanna raidió, tonnta aibhléise, a théann an t-eolas thar an aer.

Tá éagsúlacht i gcumas taistil agus sa méid eolais ar féidir a chur amach, ag brath ar na tonnta a chuirtear amach.

AM[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar na meántonnta nó AM a chuirtear go leor cláracha tíorthúla craolachán amach, go háirithe cinn nuachta, mar gur faide a shroicheann na meántonnta ná tonnta ardmhinicíochta.

FM[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní shroicheann tonnta ar an ardmhinicíocht, nó craolachán FM, de ghnáth ach tuairim agus 15-25 chiliméadar ón láithréan craolta. Baintear feidhm as aereóg fada lena ghlacadh, agus is gá é a iompú i dtreonna éagsúla leis an bhfuaim is fearr a fháil. Is ar an ardmhinicíocht a chuirtear an chuid is mó de chláracha ceoil agus craolacháin áitiúla amach, agus iad bunaithe sna cathracha don chuid is mó.

LW[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní bhaintear mórán feidhme as LW nó craoltacháin ar na tonnta fada in Éirinn. Ach is faide ón gcraoltóir ar féidir iad a ghlacadh ná fiú an AM. Is féidir cláranna ón bhFrainc agus ó BBC Shasana a chloisint in oirthear na hÉireann, ach de ghnáth tá gá le aimsir breá, m.sh. ar oíche breá samhraidh.

SW[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní ghlacann mórán gnáth threalaimh craolachán craoltacháin ar na gearrtonnta. Tá gá le craolachán faoi leith, agus déanann go leor tíortha craoltacháin air. Tá an BBC le fáil ar an gcuid is mó den domhain, agus déanann Deutsche Welle na Gearmáine an chuid craoltacháin freisin. Tá an-úsáid á bhaint as SW ag eaglaisí soiscéalacha i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas, i mSacsbhéarla agus i Spáinnis go háirithe.

Craolachán satailíte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann go leor lárionaid craolachán talún, maille le lárionaid eile ar ghá síntiúis a íoc, cláracha nuachta agus ceoil amach. Tá gá le trealamh ar leith le craolachán satailíte, chomh maithe leis an síntiús, ach is iontach soiléireacht na gcláracha, agus is minic nach mbíonn fógraí cumarsáide ar bith leo.

Craolachán idirlíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann go leor lárionaid craolachán talún a gcláracha ar fáil thar an idirlíon anois. Go dtí seal bhliain ó shoin, bhí na cláracha rómhall ag teacht isteach don chuid is mó d'éisteachtóirí, ach anois tá sé ar chumas an ríomhaire meánach sruth cainte nó ceoil leanúnach a chur amach laistigh de seal gearr.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]