Guglielmo Marconi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGuglielmo Marconi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Guglielmo Giovanni Maria Marconi
25 Aibreán 1874
Bologna (Ríocht na hIodáile)
Bás20 Iúil 1937
63 bliana d'aois
An Róimh (Ríocht na hIodáile)
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaBasilica of Santa Croce (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir Ríocht na hIodáile
30 Nollaig 1914 – 20 Iúil 1937 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhologna Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreInnealtóireacht leictreach agus eolaíocht fhisiceach
Gairmfisiceoir, duine den lucht gnó, cumadóir, polaiteoir, innealtóir, eolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOilthigh Chill Rímhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Náisiúnta Faisisteach (1923–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Iodáilis
Gairm mhíleata
Brainse míleataRoyal Italian Navy (en) Aistrigh
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
Teideal uasalMarcas Cuir in eagar ar Wikidata
CéileBeatrice Marconi (1905–1924)
Maria Cristina Bezzi-Scali (1927–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDegna Marconi Paresce (en) Aistrigh
 ( Beatrice Marconi) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGiuseppe Marconi  agus Annie Jameson
Duine muintearthaFrancesco Paresce (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Musicbrainz: cf1a3fa1-c17e-491c-8a0f-147d92843250 Discogs: 898216 Find a Grave: 9982 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceapadóir, fiontraí agus fear gnó as Bologna na hIodáile, agus de shliocht Éireannach, ab ea Guglielmo Marconi-Jameson (25 Aibreán 187420 Iúil 1937). Dhear dë an chéad raidió fiúntach. Tugtar "athair an raidió' air.[1]

Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Marconi, in éineacht le Karl-Ferdinand Braun, sa bhliain 1909.

Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharchuir Marconi comharthaí ar feadh líne dírí cúpla céad ciliméadar ar fhad san aer i 1895, ag an am céanna a rinne Alexander Stepanovitch Popov an rud chéanna sa Rúis.

Ar an 13 Bealtaine 1897, sheol Marconi an chéad "teileagraf gan sreang".[2]

Ar an 6 Iúil, 1898, chraol comhlacht Marconi ó Bhaile an Chaistil go Reachlainn, oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin.[3][4][5]

Tharchuir Marconi ó Chorn na Breataine trasna an Atlantaigh go Talamh an Éisc den chéad uair sa bhliain 1902, ag frithchaitheamh an tonn raidió ón ianaisféar 50-500 km os cionn na farraige leathshlí trasna.

Ar an 17 Deireadh Fómhair 1907, chuir Marconi an chéad seirbhís radaiteileagrafaíochta trádála trasatlantach ar siúl idir stáisiúin theileagrafaíochta sa Chlochán, i gContae na Gaillimhe (ag Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán) agus Bá Glace, in Albain Nua.[6]

Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán

Ba i rith an chogaidh mhóir (1914-18) a cuireadh bús ceart le fás agus forbairt an raidió mar ghléas chumarsáide. Nuair a thosaigh an cogadh, ba le córas teileagraim a bhí á úsáid ag na fórsaí éagsúla chun formhór a gcuid teagmhála a dhéanamh.[7] Ach faoi dheireadh na troda, bhí córais chumarsáide raidió go mór sa treis, a bhuíochas sin do leithéid Marconi.

Sa bhliain 1919 chraol Wireless Telegraph Company Mharconi guth duine d’fhostóirí an chomhlachta trasna an Atlantaigh

I 1920 craoladh amhránaíocht Nellie Melba ó ionad Mharconi i Chelmsford, Essex, rud a chuir tús le craoltóireacht ghinearálta raidió.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Annie Jameson (muintir Jameson, an drioglann) ba ea máthair Marconi.[4]

Chaith Marconi cuid mhór dá luathshaol sa Ríocht Aontaithe agus ansin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Shocraigh sé síos san Iodáil sa bhliain 1913.

Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905.[8] Bhí triúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924.

Phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali (26) ar 12 Meitheamh 1927, in aois 53 dó.

Faisistí go smior, frith-sheimíteach agus dearcadh coilíneach aige, thacaigh sé Mussolini agus an cogadh san Aetóip.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail taom croí Marconi sa bhliain 1937, in aois 63 bliain dó. A naoú taom croí, strus ba chúis leis is cosúil.

Bronnadh sochraid stáit air sa Róimh i ndiaidh a bháis.

Inniu, tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i mBaile an Chaistil i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an eolais ː ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta". 
  2. "Marconi's Welsh wireless revolution" (en-GB). BBC (2012-05-11). Dáta rochtana: 2020-05-13.
  3. "Marconi in Ballycastle" (en). www.causewaycoastalroute.com. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  4. 4.0 4.1 Bernie McGill (10 Lúnasa 2017). "Marconi, Rathlin Island and a new way with words" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  5. "GUGLIELMO MARCONI INVENTOR OF THE RADIO". www.solarnavigator.net. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  6. failteireland.ie. "Connemara-Experience-Development-Plan". Dáta rochtana: 2020.
  7. cora.ucc.ie. "RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cultúr phobal na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
  8. "Guglielmo Marconi: The radio pioneer with an Irish connection | Blog | findmypast.ie". www.findmypast.ie. Dáta rochtana: 2020-05-13.