Nellie Melba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáma
Nellie Melba

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Helen Porter Mitchell
19 Bealtaine 1861
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 1931
69 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Seipticéime)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteNellie Melba Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síPresbyterian Ladies' College (en) Aistrigh
Westonbirt School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí ceoldrámaíochta, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeoldráma
Mac/iníon léinn de chuidMathilde Marchesi
TeangachaBéarla
Cineál guthaLight soprano (en) Aistrigh

UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileCharles Nesbitt Frederick Armstrong (1882–1900), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGeorge Nesbitt Armstrong Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDavid Mitchell  agus Isabella Ann Dow
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1673999 Spotify: 24fodGTlVamKHxCvQXUm6L Musicbrainz: 5fa44ade-11f6-4c97-b6ff-e4881412a3f2 Discogs: 1195423 IMSLP: Category:Melba,_Nellie Allmusic: mn0000002824 Find a Grave: 3203 Cuir in eagar ar Wikidata
Portráid an Dáma Nellie Melba GBE (Henry Walter Barnett)
The Times, 27 M.F. 1910.

Ba shoprán ceoldráma clúiteach ón Astráil í an Dáma Nellie Melba, GBE (19 Bealtaine 1861 - 23 Feabhra 1931), nó Helen Porter Mitchell mar a tugadh uirthi ag tús a saoil. Ba bhean de na sopráin is iomráití i saol na ceoldrámaíochta í agus ba í an chéad Astrálach í a tháinig iomrá idirnáisiúnta uirthi san ealaín sin. Bhí Nellie Melba agus May Whitty ar na chéad siamsóirí a bhain amach DBE, rud a tharla sa bhliain 1918.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Melba os comhair an phobail den chéad uair in Melbourne i Mí na Bealtaine 1884 agus chan sí i gCovent Garden i Londain, Sasana, dhá bhliain níos déanaí. Sa Bhruiséal ba thúisce a chuaigh sí i gceann oibre agus í ag déanamh páirt Gilda i Rigoletto, ceoldráma le Verdi sa bhliain 1887. D’éirigh thar cionn léi lom láithreach.

Bhain Melba amach buaic a réime i bPáras mar Lucia in Lucia di Lammermoor, ceoldráma le Donizetti ar 24 Bealtaine 1888, in Covent Garden mar Lucia in La Traviata, ceoldráma le Verdi, agus mar Mimi in La Boheme.

Shiúil Melba an Eoraip agus Meiriceá agus ardrathúnas uirthi. Moladh í as a guth glébhinn glan agus as a críochnúlacht ceirde.

Bhí Melba ar an gcéad amhránaí a chraol clár ceoil ó stáisiún Marconi in Chelmsford, rud a rinne sí ar 15 Meitheamh 1920.

Rinne Melba a páirt dheireanach mar Mimi in La Boheme in Melbourne agus in Garraí Covent sa bhliain 1926.

ar an gcéad amhránaí a chraol clár ceoil ó stáisiún Marconi in Chelmsford, ar 15 Meitheamh 1920
1896

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Melba Charles Armstrong, mac grásaera ó Queensland, sa bhliain 1882. Scar siad óna chéile sa bhliain 1900 de bharr an chaidrimh chollaí a bhí idir í féin agus Philippe, Diúc Orléans.

Bhí sé de chlú ar Melba gur dhuine deacair spadhrúil í i gcuideachta a comhamhránaithe. Os a choinne sin, thug sí lámh chúnta do roinnt amhránaithe óga, agus chuidigh sí le ceoldrámaí Puccini a chur á léiriú nuair nach raibh cáil mhór fós air.

Tháinig dírbheathaisnéis Melba, “Melodies and Memories,” amach sa bhliain 1925.

Fuair sí bás le seipticéime sa bhliain 1931.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

1892

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]