Ollscoil Bhologna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ollscoil Bhologna
Alma Mater Studiorum Università di Bologna

Seal of the University of Bologna.svg
Mana Alma mater studiorum and Petrus ubique pater legum Bononia mater
Bunaithe 1088
Reachtaire Prof. Pier Ugo Calzolari
Fochéimithe >100,000
Láthair Bologna, An Iodáil
Comhcheangail Coimbra Group
Láithreán Gréasáin http://www.unibo.it/

Is í Ollscoil Bhologna - an Alma mater studiorum - Università di Bologna de reir a ainm oifigiuil - an ollscoil is sine ar Roinn na hEorpa. Cé gur i mbliain 1317 a scríobhadh céadreachtanna na hOllscoile, bhí scoil dhlí ar bun cheanna san 11ú aois: meastar gur i mbliain 1088 a bunaíodh í, de réir coiste taighde a raibh an file Giosuè Carducci ina chomalta de.

Tá breis is 100,000 mac léinn ag an ollscoil faoi láthair, i 23 dámh, agus tá ionaid mhúinte aici i gcathracha eile de réigiún Emilia-Romagna, mar atá, Ravenna, Rimini, Forlì, Cesena agus Reggio Emilia.

Stair an Alma Mater[athraigh | edit source]

Tháinig an ollscoil chun tsaoil mar chumann deonach saolta de mhic léinn a roghnaigh iad féin na hollaimh agus a d'íoc as a dtuarastail. Bhí siad eagraithe i gcoláistí le haghaidh chomhchabhair mhicléinn gach tire faoi leith (na nationes) - an córas céanna is a bhí ar bun i mórollscoil an domhain Ioslamaigh, al-Azhar. Mar leiriú den chéad tréimhse sin, tá tuairim is 6000 armas mac léinn le feiceáil san Archiginnasio (seanáras na hOllscoile). Tá an Collegio di Spagna - Coláiste na Spáinne - fós ar bun. Bhí na chéad staidéir ar chúrsaí dlí nó b'iad scata scoláirí dlí a bhuail le chéile a chuir an Ollscoil ar bun i dtosach báire.

Is leir an difear idir córas seo Bhologna agus múnla Ollscoil Pháras, a raibh a hollaimh ceangailte leis an eaglais agus faoi údarás ríoga. Ina dhiaidh sin chuaigh Cathair Bhologna i mbun tuarastail na n-ollamh a íoc.

I mbliain 1158 d'fhógair an Impireoir Freidric II an Costitutio Habita le go gcosnófaí an Ollscoil mar láthair léinn agus staidéir neamhspleách ar chumhacht ar bith eile.

Ón 14ú aois i leith tugadh cúrsaí loighice, réalteolaíochta, leighis, fealsúnachta, uimhríochta, reitrice, agus gramadaí chomh maith leis an dlí, agus níos deireanaí arís cuireadh an diagacht, an ghréigis agus an eabhrais le liosta na n-ábhar.

Tháinig claochlú ar líon na n-ollamh le linn na 15ú haoise ach bhí scoláirí dlí cáiliúla ann fós, mar shampla Andrea Alciato.

Sa 16ú aois cuireadh tús le múineadh an "fhealsaimh nádúrtha", nó an eolaíocht trialach mar is fearr aithne air anois. Ní miste a luadh i measc a cheannródaithe Pietro Pomponazzi, a thug dúshlán thraidisiúin na diagachta agus é ag maíomh staidéar dhlíthe an nádúir, agus Ulisse Aldrovandi, a thóg bunús do na heolaíochtaí nádúrtha. Sárionad léinn san ailgéabar a bhí san Ollscoil fán am chéanna, agus mórscoláirí an ábhair ar nós Gerolamo Cardano e Scipione del Ferro ag múineadh inti.

Rinneadh dul chun cinn súntasach sa leigheas, a bhuí le Gaspare Tagliacozzi agus Marcello Malpighi.

Mar gheall ar chlú na hOllscoile, d'éirigh Bologna ina ceann scríbe do scoláirí agus do aíonna cáiliúla. Áirítear ar na mic léinn a d'fhreastal uirthi le linn a naoi gcéad bliain de stair mórphearsantachtaí na sibhialtachta Iodálaí mar Dante Alighieri, Francesco Petrarca, Guido Guinizelli, Cino da Pistoia, Cecco d'Ascoli, Re Enzo, Salimbene da Parma, Coluccio Salutati agus saoianna eachtrannacha lena n-áirítear Thomas Becket, Paracelso, Erasmo da Rotterdam, Papa Niccolò V, Raimundo de Pegñafort, Albrecht Dürer, San Carlo Borromeo, chomh maith le Torquato Tasso, Carlo Goldoni, Pico della Mirandola agus Leon Battista Alberti. Thriail Nicolò Copernicus ar an Ollscoil le staidéar a dhéanamh ar an dlí chanóineach.

Le linn na 18ú aoise, bhí páirt ag an Ollscoil i bhforbairt na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus Luigi Galvani i mbun staidéir ar an leictreachas.

Bhí áit lárnach ag an Ollscoil sa taighde agus san oideachas thuas go dtí an Chéad Chogadh Domhanda nuair a thóg insititiúidí eile an cheannaireacht ar an láthair chultúrtha Eorpach.

Ní miste a luadh go bhfuil an iomad bailiúchán agus iarsmalann ag an Ollscoil, oidhreacht a staire ársa, i dteannta leabharlann na hOllscoile a bunaíodh i mbliain 1712 agus a bhfuil pálás clúite an Archiginnasio di Bologna mar shuíochán aici.

Institiúd mórghradaim í Ollscoil Bhologna fós agus clú agus cáil aici san Iodáil agus thar lear.

Is ag Bologna a síníodh le deireanas an comhaontú le hathnuachan chórais ollscoile na hEorpa (Dearbhú Bhologna).

Ollaimh cháiliúla de chuid Ollscoil Bhologna[athraigh | edit source]

Nascanna seachtracha[athraigh | edit source]