An Caiseal, Contae na Gaillimhe (Maíros)
Cuma
(Athsheolta ó Caiseal, Contae na Gaillimhe)
An Caiseal, Contae na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
An Caiseal (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Tíreolaíocht | ||||
Ar theorainn le | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1413565 |
Tá níos mó ná áit amháin darb ainm “An Caiseal” in Éirinn. Féach An Caiseal.
Sráidbaile ar chósta thiar Chonamara in iarthar Chontae na Gaillimhe i bPoblacht na hÉireann is ea an Caiseal[1] (Cashel as Béarla).
Tá an sráidbhaile suite in aice le Cuan an Chaisil, cuaisín de chuid Chuan na Beirtí Buí.
Tá Droichead Thuaim Beola le fáil cúig chiliméadar siar ón mbaile: bhunaigh duine de mhuintir Uí Fhlatharta (a bhí i gceannas ar Chonamara go dtí ré Shéamais II Shasana) mainistir de chuid na nDoiminiceach ansin sa bhliain 1427. Chaith Charles de Gaulle tamall ar saoire sa cheantar sa bhliain 1969 tar éis dó eírí as a phost mar uachtarán na Fraince.
Tagann ainm an tsráidbhaile ó chaiseal ciorclach sa reilig i gCaiseal Ard, ar shliabh tuairim is ciliméadar amháin soir ó thuaidh ón mbaile.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Caiseal/Cashel | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |