An Pláta Somálach
Cineál | Pláta teicteonach | ||
---|---|---|---|
Teorainneacha le | Pláta na hAfraice an Pláta Indiach an Pláta Astrálach an Pláta Antartach an Pláta Arabach | ||
Tréithe | |||
Trasnaíonn | an tSomáil, an Aetóip, an Chéinia, an Tansáin, Poblacht Mhósaimbíc, an Afraic Theas, Leosóta, Ríocht Esuaitíní, Madagascar agus Na Séiséil | ||
Mionphláta teicteonach is ea Pláta na Somáile, nó an Pláta Somálach, atá ar scaradh gabhail ar an meánchiorcal sa leathsféar thoir.
Geolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh Pláta na Somáile idir 60 milliún bliain ó shin agus 10 milliún bliain ó shin nuair a scoilt Pláta na hAfraice ó Chlais na hAfraice Thoir.[1] Toisc go ndeighleann Clais na hAfraice Thoir an mhór-roinn ina dhá phláta, tugtar uaireanta an Pláta Núibiach ar Phláta na hAfraice ó dheas ón scoilt.[2]
Tá Pláta na Somáile timpeallaithe san oirthear ag Clais na hAfraice Thoir, a shíneann ó dheas ón gcumar triarach sa Logán Afáireach, agus síneann an scoilt faoin bhfarraige ag leathnú ó dheas amach ón gcósta. Ar feadh chósta na hAraibe Sádaí a shíneann an Droim Áidin. Is é an Droim Indiach Láir a teorainn thoir, agus tugtar 'Droim Carlsberg', freisin, ar an gcuid thuaisceartach. Is é an Droim Indiach Thiar an teorainn theas. Léiríonn dátú bolcánachais in Oileáin Chomóra, agus sna bolcáin i dtuaisceart Mhadagascar ráta gluaisne chuig an oirthir thar bhall te de thart ar 45 mm sa bhliain.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Somali Plate".
- ↑ "Evidence for motion between Nubia and Somalia along the Southwest Indian ridge" (4 March 1999). Nature 398 (6722): 64–67. doi: .
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Emerick, C. M., 1985, Age progressive volcanism in the Comores Archipelago and Northern Madagascar, Oregon State Univ., Corvallis, PhD Thesis, Abstract
- Chorowicz, Jean (October 2005). "The East African rift system". Journal of African Earth Sciences 43 (1–3): 379–410. doi: . Bibcode: 2005JAfES..43..379C.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |