Litisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na plátaí teicteonacha ar litisféar an Domhain.
Struchtúr inmheánach na Cruinne. Seat scoite den Domhain ó chroí go screamh, cuimsíonnan an litisféar an screamh agus an mhaintlín litisféarach (níl na sonraí de réir scála)

Is éard is an Litisféar ann (ón Sean-Ghréigis λίθος [lithos] "creagach" + σφαῖρα [sphaira] "sféar") ná an sceall is forimeallaí de phláinéad creagach,[1] nó satailítí nádúrtha atá sainithe ag a n-airíonna dochta meicniúla. Bíonn an litisféar comhdhéanta den screamh agus de chuid den mhaintlín uachtair a gníomhaíonn go leaisteach, ar scálaí ama de chuid na mílte bliain nó níos mó. Sainmhínítear an screamh, an sceall is forimeallaí ar phláinéid creagach, ar bhonn a cheimice agus mhianreolaíochta.

Litisféar an Domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá éadan an domhain sách righin agus tugtar an litisféar air. Áirítear an screamh agus an mhaintlín is uachtaraí mar an litisféar, a chomhdhéanann ciseal seachtrach crua agus docht an Domhain. Tá an litisféar fhoroinnte i bplátaí teicteonacha. Tugtar an peidisféar ar an chuid is uachtaraí den litisféar a imoibríonn go ceimiceach leis an t-atmaisféar, an hidrisféar agus an bithsféar trí an phróiseas foirmithe ithir. Tá an t-astanaisféar faoi bhun an litisféar, sé sin an chuid is laige, is teo, agus is doimhne den mhaintlín uachtair. Tugtar an teorainn Litisféireach-Astanaisféarach ar an teorainn idir an litisféar agus an t-astanaisféar agus sainmhínítear í trí dhifríochta mar aisfhreagra ar strus: fanann an litisféar docht ar feadh tréimhsí ama gheolaíoch an-fhada ina dífhoirmíonn sé go leaisteach agus trí chliste bhrisc, agus dífhoirmíonn an t-astanaisféar go slaodach agus freastalaíonn sé ar straidhn trí dhífhoirmíocht phlaisteach. Tugtar geomoirfeolaíocht ar an staidéar ar fhoirmithe na dtírdhreach san am i láthair agus san am a chuaigh thart.

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar tiús an litisféir ó dhoimhneacht na hisiteirme a bhaineann leis an t-aistriú idir iompraíocht bhriosc agus slaodach. Go minic, úsáidtear an teocht ar a thosaíonn olaivín ag dífhoirmiú go slaodach (~ 1000 ° C) chun na hisotherme seo a shocrú, toisc go ginearálta, bíonn olaivín ar an mhianra is laige sa mhaintlín uachtair. De ghnáth, bíonn tiús litisféir aigéanaigh thart ar 50-140 km (ach faoi bhun na nDromanna Láraigéanacha, ní bhíonn sé níos tiubha ná an screamh), cé go bhfuil raon tiúis litisféir ilchríochaigh thart ar 40 km go dtí b'fhéidir 280 km; bíonn an t-uachtair ~ 30 go ~ 50 km den litisféar ilchríochach tipiciúil ina screamh. Den chuid is mó, bíonn an chuid den litisféir gur mhaintlín í comhdhéanta de Pheireadóitít. Idirdhealaítear an screamh ón mhaintlín uachtair de réir an athraigh ar chomhdhéanamh ceimiceach a tharlaíonn ag neamhleanúnachas Mohorvicic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Skinner, B.J. & Porter, S.C.: Physical Geology, page 17, chapt. The Earth: Inside and Out, 1987, John Wiley & Sons, ISBN 0-471-05668-5

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]