Dromanna aigéanacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dáileadh na ndromanna aigéanacha timpeall an Domhain

Sliabhraonta ollmhóra faoin bhfarraige. Suas le 4 km os cionn an ghrinnill, ag síneadh thar 80,000 km timpeall an Domhain. Clúdaíonn siad 35% den ghrinneall. Ar an meán bíonn buaic na sceireacha timpeall 2.5 km thíos agus suas le 4,000 km ar leithead. Tá aiseanna na sceireacha go léir taobhrianaithe ag fabhtanna trasfhoirmithe, atá gníomhach ó thaobh seisme de agus a mbíonn creathanna talún ag tarlú iontu go minic. Tá an-chuid staidéir déanta ar Dhroim Lár an Atlantaigh agus é roinnte ina cúigí buaice is cliatháin. Sa chúige buaice tá ardchlár scoilte, scoiltsléibhte is scoiltghleann a luíonn ar feadh ais na sceire, suas le 50 km ar leithead is suas le 2 km níos doimhne ná na sléibhte mórthimpeall. Sa chúige grádáin tá fána 1:100. I gcomparáid leis seo, boilsc íseal gan scoilt ar a buaic, le fána 1:500, atá i nDroim an Aigéin Chiúin Thoir. Thar chuid mhór den ghrinneall tá airdí, na céadta méadar ar airde, a dtugtar airdí aigéanacha orthu, agus ní bhíonn aon ghníomhaíocht sheismeach ag baint leo. Eiseamláirí is ea Sceir Nócha Thoir san Aigéan Indiach, Sceir Jan Mayen san Atlantach thuaidh, agus Ard Shatsky san Aigéan Ciúin thuaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dromanna aigéanacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.