Scoiltghleann
Appearance
Umar fadaithe i screamh an Domhain is ea scoiltghleann, agus é teorannaithe ag éisc normálta. Réigiún ina bhfuil teannas sa screamh de bharr na plátaí teicteonacha screimhe a bheith ag gluaiseacht amach óna chéile. Dlúthbhaint aige le bolcánacht, cosúil le sliabh Kilimanjaro i scoiltghleann oirthear na hAfraice. Tarlaíonn a leithéid ar feadh na sceireacha i lár na n-aigéan freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scoiltghleann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |