Leathadh ghrinneall na mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas geolaíoch a tharlaíonn faoi na mara is ea Leathadh ghrinneall na mara. De bhrí go bhfuil na plátaí teicteonacha i screamh an Domhain ag gluaiseacht amach ó na sceireacha meánaigéanacha, tá screamh nua á cruthú an t-am ar fad ag carraig dhoigheartha bhasaltach, a bhrúnn isteach sna gága a dhéanann na plátaí atá ag druidim amach ó chéile. Tá an próiseas ar siúl i ngach imchuach mór aigéanach, agus i ngach cás téann an grinneall in aois de réir a fhaid ón ais sceireach.[1]

Leathadh ghrinneall na mara

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leathadh ghrinneall na mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 401.