Leabhar Breac (foilsitheoir)
Cuma
(Athsheolta ó Leabhar Breac)
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | foilsitheoir |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1994 |
| Bunaitheoir(í) | Darach Ó Scolaí |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | http://www.leabharbreac.com/ |
Comhlacht foilsitheoireachta Éireannach is ea Leabhar Breac. Bhunaigh Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí an comhlacht sa bhliain 1994.
Ba é an t-úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil an chéad leabhar a d'fhoilsigh siad, agus ó shin tá leabhair uile Liam Mhic Cóil foilsithe acu mar aon le mórchuid leabhar eile.
Ón mbliain 2001 is é Darach Ó Scolaí atá i mbun stiúrtha an chomhlachta atá lonnaithe i gClochar na Locha in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige.

Ar na leabhair eile a foilsíodh le Leabhar Breac, tá
- Fontenoy le Liam Mac Cóil, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2006,
- Hula Hul le Seán Mac Mathúna, agus
- An Cléireach le Darach Ó Scolaí a bhuaigh Duais an Oireachtais 2007.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- LeabharBreac.com Curtha i gcartlann 2007-12-09 ar an Wayback Machine