Seán Mac Mathúna
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1936 89/90 bliana d'aois Trá Lí |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir próis, drámadóir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí ba é Seán Mac Mathúna (1936 - 24 Nollaig 2025).
Is mar ghearrscéalaí a cuireadh aithne air i dtosach, idir scéalta clasaiceacha agus osréalacha, ach lean saothair uaidh i seánraí éagsúla, haikúnna, úrscéalta stairiúla, ina measc an t-úrscéal mórdhíola Hula Hul (Leabhar Breac 2007), agus léiríodh drámaí leis in Amharclann na Mainistreach agus sa Taibhdhearc.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ar dhuine den líon beag scríbhneoirí a fuair aitheantas dá shaothar i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí cáil ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn grinn.[2]
In eagrán mhí na Nollag 1970 de Comhar a foilsíodh an chéad scéal Gaeilge leis agus is ar Scéala Éireann a bhí an chéad cheann i mBéarla aige, in Aibreán 1974.
Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983). Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis, Banana (Cois Life), Gradam Uí Shúilleabháin in 1999.
Nuair a bhí Ding agus Scéalta Eile agus Banana as cló, foilsíodh rogha scéalta leis faoin teideal Úlla (Cois Life, 2005) agus tháinig an t-úrscéal Hula Hul leis (Leabhar Breac) in 2007.
Ar na saothair i mBéarla leis an Mathúnach, tá cnuasach gearrscéalta The Atheist, rogha 1988 na Comhairle Ealaíon do Dhuais Liteartha na hEorpa. In 1992, agus The Atheist tagtha amach faoi chlúdach bog, bhí Mac Mathúna ina mholtóir ag an Irish Times don Irish Literature Prize.[1]
Drámaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh sé an dráma The Winter Thief, tragóid lonnaithe i gCiarraí i rith Chogadh na Saoirse, a bhain Duais Bhanc na hÉireann i Lios Tuathail agus a léiríodh in Amharclann na Mainistreach i 1991. Nuair a léiríodh The Winter Thief léiríodh leagan Gaeilge, Gadaí Géar na Geamhoíche, rud nár tharla in Amharclann na Mainistreach roimhe ná ó shin. Léiríodh an dráma, leis an gcliar céanna, dhá oíche sa tseachtain i nGaeilge agus i mBéarla na hoícheanta eile. Ar na haisteoirí bhí Don Wycherley, Aisling O’Sullivan, Bosco Hogan, Macdara Ó Fatharta, Peadar Lamb agus Mick Lally. Lean an léiriú ar feadh ceithre seachtainí, le tinreamh maith agus léirmheasanna moltacha. Bhuaigh sé duais Oireachtais.
Feictear in An Gadaí Géar/The Winter Thief na tréithe a d’aithneodh léitheoirí na ngearrscéalta – réimse leathan stíle, ardchumas teanga, an fhileatacht is an fhealsúnacht agus an greann agus ábhar tromchúiseach á phlé. Scéal grá suite sa cheantar céanna le linn Chogadh na gCarad atá sa dara dráma leis, a raibh Hula Hul air, nuair a léiríodh sa Taibhdhearc é i 1999, agus a foilsíodh faoin teideal Duilleoga Tae in 2015 (Arlen House, 2015). Idir an dá linn bhí an teideal Hula Hul curtha ar úrscéal a d’eascair as scéal a instear sa dráma.[1]
Gearrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ráfla (An Comhlacht Oideachais, 1978)
- Blas (An Comhlacht Oideachais, 1979)
- Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983) / The Atheist and Other Stories (Wolfhound, 1987)
- Ceardlann 85 (Coiscéim, 1988)
- Banana (Cois Life, 1999)
- Úlla (Cois Life, 2005, 2011);[3] tá closleabhar le Niall Tóibín ar fáil[4]
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scéal Eitleáin (Coiscéim, 2005), faoi eachtra i gCiarraí sa Dara Chogadh Domhanda[5]
- Ego Patricius, in Bliainiris 2009, úrscéal ar bheatha Naomh Pádraig[6]
- Hula Hul (Leabhar Breac, 2007), úrscéal stairiúil a bhain le heachtra i gCogadh na gCarad
- Cros na Sceilge (Coiscéim, 2013)
Don aos óg
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhoilsigh Coiscéim dhá nóibhille stairiúil leis – Scéal Eitealán agus Cros na Sceilige faoi eachtra in aimsir na Lochlannach. D’fhoilsigh Leabhar Breac dhá úrscéal don aos óg leis, Gealach (Leabhar Breac, 2012) agus Doras, Fuinneog, Scuab (Leabhar Breac).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ciarraíoch ba ea Seán Mac Mathúna, a rugadh i dTrá Lí in 1936. Céimí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath agus chaith beagán le cois fiche bliain ina mhúinteoir meánscoile.
Fuair an Mathúnach bás Oíche Nollag 2025 i mBaile Átha Cliath. Maireann triúr clainne leis, Mel, Sadhbh agus Fiach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hula Hul
- Seán P. Ó Mathúna (1930–2017) Scríbhneoir agus léachtóir Ollscoile
- Seán Mac Mathúna (béaloideasóir) (1876–1949) — feirmeoir agus bailitheoir béaloidis as Contae an Chláir
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Éilís Ní Anluain (2025-12-30). "An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-31.
- ↑ "Seán Mac Mathúna" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-12-31.
- ↑ "Úlla (2011) | Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-12-31.
- ↑ "Gaelchultúr - Newsletter #8: April 2011". www.gaelchultur.com. Dáta rochtana: 2025-12-31.
- ↑ "Scéal Eitleáin Seán Mac Mathúna". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2025-12-31.
- ↑ Darach Uí Scolaí (2009). "Suíomh Dharach Uí Scolaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-08. Dáta rochtana: 2025.