Hula Hul

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharHula Hul
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSeán Mac Mathúna Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2007 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirLeabhar Breac
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta1-9099-0724-3 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal a foilsíodh sa bhliain 2007 leis an scríbhneoir Éireannach Seán Mac Mathúna is ea Hula Hul. Scéal grá atá san úrscéal a suitear le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Is ón liú fiaigh Ciarraíoch a thagann teideal an leabhair.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann an scéal le Mait Dálaigh, oifigeach in arm na Poblachta a bhfuil máchail ar a chos, an cam reilige. Mar gheall ar an máchail sin níor luigh Mait le bean riamh. Castar cailín aimsire air, Cáit Ní Bhric, a bhfuil a saol caite in aimsir aici. Baineann an t-urscéal lena scéal siúd, agus le scéal Bhreen, cluanaire óg slachtmhar atá le tabhairt mar phríosúnach ag an gcaptaen Mait Dálaigh go dtí an Seana-Bhaile in éineacht le 'despatch-box' mistéireach i laethanta deireanacha an Chogaidh. Ina léirmheas ar an leabhar in Foinse tugann Máirín Ní Fhinneadh seod ar an leabhar, agus tagraíonn do Sheán Mac Mathúna mar údar nach gcloíonn le gnásanna ach a ligeann dá pheann aclaí an domhan, an stair agus ár gcuid cinntíochtaí a iompú bunoscionn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]