Fontenoy (úrscéal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFontenoy
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarLiam Mac Cóil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2005 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-0-89833-225-4 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC219984493 Cuir in eagar ar Wikidata
Clúdach - Fontenoy le Liam Mac Cóil

Is é Fontenoy an tríú húrscéal atá foilsithe ag an scríbhneoir Éireannach Liam Mac Cóil. Foilsíodh sa bhliain 2005 é, agus bhuaigh an leabhar Gradam Uí Shúilleabháin 2006. D'fhoilsigh Leabhar Breac é. Is é ISBN an leabhair ná 0-8983322-5-7.

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairisc fhicseanúil atá san úrscéal atá bunaithe ar leathanaigh chlóbhuailte i gcló Gaelach a fuarthas i seanbhosca cartlainne in Chartres na Fraince. Cuntas atá sna leathanaigh sin a scríobh príomhphearsa an scéil, an Captaen Seán Ó Raghallaigh, ar Chath Fontenoy, Tuairisig nó Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras sna Tír Íochtair san mbliadhain d'Aois ár dTighearna 1745. San úrscéal, trí eachtrú an chatha agus trí na ceisteanna a ardaítear faoi scríobh na staire, ríomhtar turas pearsanta an scríbhneora óig.

Léirmheasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina léirmheas ar an úrscéal san Irish Times (12 Samhain 2005) mhol Alan Titley an t-úrscéalaí go háirithe as a chúram, a chruinneas, agus a shoiléire.[1] Sa Limerick Leader, dúirt Tadhg Dubh Ó Cróinín, "Ceann des na húrscéalta is fearr agus is cumhachtaí dá bhfuil léite agamsa le fada. Cuimhnigí ar Luimneach! Ceannaigí Fontenoy!"

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Léirmheas Alan Titley Irish Times". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-12. Dáta rochtana: 2008-01-03.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]