Jump to content

An Cléireach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Cléireach
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDarach Ó Scolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2007 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal leis an scríbhneoir agus drámadóir Éireannach Darach Ó Scolaí is ea An Cléireach. Bhuaigh an t-úrscéal Duais an Oireachtais i 2007,[1] agus Gradam Uí Shúilleabháin i 2008.[2]. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar i 2007.

Saighdiúir agus cléireach atá in earráid lena choirnéal faoi ardú céime is ea fear inste an scéil. I dtuaisceart na Mumhan sa bhliain 1650, agus fuíleach arm an rí ag cúlú ó fhórsaí na parlaiminte, castar buíon filí agus scríobhaithe ar a chéile agus, beag beann ar an namhaid atá sna sála orthu, caitheann siad oíche ag seanchas cois tine. Sna scéalta a insíonn Cearbhall Óg Ó Dálaigh, Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair agus an Fear Flatha Ó Gnímh, tagann plota eile chun cinn san úrscéal, fear óg a leagtar mar chúram air leabhar beannaithe, atá i seilbh a mhuintire le trí chéad bliain, a thabhairt slán ó ionradh Shasana ar an tír i 1601. Tugann an cúram oidhreachtúil seo as Éirinn go dtí an Ísiltír Spáinneach é, as sin go dtí an Bhóihéim, áit a nglacann sé páirt i gCath an tSléibhe Bháin mar mhuscaedóir i gcomplacht an chaptaein Somhairle Mac Domhnaill, agus as sin go Coláiste Naomh Antaine sa Lobháin i gcuideachta an Bhráthair Micheál Ó Cléirigh, an Bhráthair Eoghan Rua Mac an Bhaird, agus an athar Brian Mac Giolla Coinnigh, agus ar ais go hÉirinn i lár Chogadh na Comhdhála agus Chogadh Chromail. Cé go dtagann an t-aighneas idir an cléireach agus an coirnéal chun cinn roimh dheireadh na hoíche seanchais sin in Éirinn, is sa bhliain 1667 a thugtar snátha an scéil le chéile agus fear inste an scéil ar deoraíocht in Ostend na hÍsiltíre.

Leagann Tadhg Dubh Ó Cróinín sa Limerick Leader béim ar inchreidteacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachta a mheallann an léitheoir isteach sa scéal agus a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ngluaiseann an t-aicsean.[3] Is ar an úrscéal mar fhicsean comhaimseartha a chuireann Philip Cummings béim in Lá Nua agus ar chleasaíocht an údair, agus in insint féin-chomhfhiosach an scéalaí san úrscéal ach go háirithe.[4]

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]