Cath an tSléibhe Bháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath an tSléibhe Bháin
cuid den Chogadh Tríocha Bliain
Cath an tSléibhe Bháin

Cath an tSléibhe Bháin, péintéireacht ola le P. Snaijers

Dáta: 8 Samhain 1620
Áit: An Sliabh Bán (Seicis: Bílá Hora), in aice le Prág, Ríocht na Boihéime
(inniu i bPoblacht na Seice)
Toradh: Bua impiriúil
Céilí comhraic
Impireacht Naofa Rómhánach,
Léig na gCaitliceach,

Impireacht na Spáinne.

Ríocht na Boihéime.,
Toghthóirí an Phalaitíneacht.
Ceannasaithe
Cunta van Tilly,
Cunta de Bucquoy
Heinrich Matthias von Thurn,
Christian von Anhalt
Slua
27,000 20,000-30,000
Taismigh
700 marbh nó gortaithe 4,000 marbh nó gortaithe
Cath an tSléibhe Bháin

Cath tábhachtach ab ea Cath an tSléibhe Bháin (Seicis: Bitva na Bílé hoře; Gearmáinis: Schlacht am Weißen Berg) a troideadh go luath le linn Chogadh na dTríocha Bliain. Ar an 8 Samhain 1620, d'éirigh arm Boihéamach de 15,000 saighdiúir agus amhais faoi Christian von Anhalt amach in aghaidh 27,000 saighdiúir d’airm chomhcheangailte Ferdinand II, Impire Naofa Rómhánach faoi stiúir Charles-Bonaventure de Longueval, Cunta de Bucquoy agus Léig Ghearmánach na gCaitliceach. faoi Johan t'Serclaes Graaf van Tilly, ag Bílá Hora ("an tSliabh Bán") in aice le Prág. Tá an suíomh anois mar chuid de chathair Phrág.

Réamhrá[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh go maith ar dtús le héirí amach na bProtastúnach sa Bhóihéim, agus d’éirigh leo an éirí amach a leathnú trí Fheardorcha V, Toghdóir na Pailitíne a thogha mar rí orthu féin. Ach d’iompaigh an taoide ina gcoinne nuair a chruinnigh Maximilian 1, Diúc na Báváire, fórsaí na Léige Caitlicí. Chuir sé siúd Tilly ar cheann airm go Prág. Lean Christian Anhalt é agus tháinig sé amach rompu ar bhóthar Phrág lena chuid fórsaí féin,

An Cath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruinnigh an ceannaire Boihéamach, Christian Anhalt, a chuid saighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar an gcnoc (Bílá Hora sa tSeicish, Weißer Berg sa Ghearmáinis, nó an Sliabh Bán) ag dúnadh bhóthar Phrág ar Tilly. Bhí ionad maith cosanta acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.

I gcampa Tilly an oíche sular tugadh an cath, tháinig an tAthair Doiminic, sagart Caipisíneach, i láthair chomhairle na gceannairí le pictiúr d’Áradh na nAoirí a bhí loite ag na Protastúnaigh, rud a chur fearg ar na saighdiúirí caitliceacha. De réir tuairiscí áirithe ba é an sagart a ghríosaigh na ceannairí chun cath a thabhairt an mhaidin dár gcionn in ainneoin neart an namhad ina n-ionad inchosanta ar an gcnoc os cionn an bhóthair.

Le breacadh an lae, d’ordaigh Tilly a chuid fear san ionsaí, dhreapadar an cnoc agus, tar éis dhá uair an chloig dianthroda, bhris siad línte cosanta an namhad, agus ruaigeadh arm Annhalt.

I measc na saighdiúirí a fuair moladh speisialta ón Impire mar gheall ar a gcrógacht sa chath bhí an captaen Somhairle Mac Domhnaill a bhí i gceannas ar chomplacht muscaed i reisimint Verdugo.

Toradh an Chatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus arm na Boihéime briste, ghabh Tilly seilbh ar Phrág agus tháinig deireadh leis an éirí amach. D’éalaigh an rí Feardorcha agus a bhean Elizabeth (as sin a fuair sé an leas-ainm Rí an Gheimhridh). Cuireadh seachtar is fiche de na huaisle a bhí i gceannas an éirí amach chun báis i gCearnóg an tSeanbhaile i bPrág.

De réir a chéile cuireadh deireadh le saoirse chreidimh sa Bhoihéim agus theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh arm na Spáinne an Phailitín. Ba ansin, agus na Protastúnaigh i riocht a mbuailte sa Ghearmáin, a tháinig an Danmhairg isteach sa chogadh.

Cath an tSléibhe Bháin sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]