Jump to content

Darach Ó Scolaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDarach Ó Scolaí

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1963
61/62 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Suíomh gréasáindarachoscolai.com Cuir in eagar ar Wikidata

LinkedIn: darach-ó-scolaí-20026920 Goodreads author: 2865355 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir as Cois Fharraige is ea Darach Ó Scolaí (a rugadh sa bhliain 1963).[1]

Úrscéalta agus scéalta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • An Klondike (2017) - úrscéal stairiúil faoi Éireannach a théann go dtí an Klondike i gCeanada le linn rith an óir
  • An Bonnán Buí (2021) - úrscéal a bhaineann le béaloideas agus finscéalaíocht
  • Bódléar. Bhí Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar Gaeilge na bliana 2025 buaite ag an úrscéal Bódléar, saothar a d’fhoilsigh Leabhar Breac.[3][4]
Darach Ó Scolaí roimh 2009

Athinsintí ar sheanscéalta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • An Ceithearnach Caolriabhach (2001) Athinsint bhreá ar an seanscéal[5]
  • Táin Bó Cuailnge (2017) saothar a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin 2017.
  • Feis Tigh Chonáin (2020) Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois.[1][6][7]

Léiríodh dhá dhráma stáitse leis an údar, Coinneáil Orainn (An Taibhdhearc 2005) agus An Braon Aníos (Salamandar 2006, 2007).

Bhuaigh Coinneáil Orainn Duais Bhaitéir Uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006. Tá scripteanna Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos ar fáil ó Leabhar Breac.

Chomh maith le saothar cló is stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (Rosg 1998; foilsíodh leagan próis de) An Leabhar (Rosg 2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (2010).

Tá leabhair do léitheoirí óga scríofa freisin aige. Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna (2009). Foilsíodh úrscéal leis Na Comharthaí in 2014.

Sa tsraith Scéalta Staire (Leabhar Breac) scríobh sé Gráinne Mhaol Ní Mháille, Tadhg Dall Ó hUiginn, Mánas Ó Dónaill agus Seán Ó Néill, agus d'fhoilsigh sé aistriúchán ar Treasure Island le Robert Louis Stevenson, Oileán an Órchiste (Leabhar Breac, 2014).

Bhain an leabhar Súil an Daill (sa tsraith Dominium) leis, Duais an Oireachtais 2019 agus foilsíodh é ag deireadh 2021 ag Leabhar Breac.[8] Ainmníodh ar ghearrliosta An Post Irish Book Awards é..

Bhunaigh Darach Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac i 1995 in éineacht lena dheartháir, an clóghrafadóir, Caomhán Ó Scolaí. Is iad Leabhar Breac a d'fhoilsigh na húrscéalta le Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas (1995), An Claíomh Solais (2000), agus Fontenoy (2006), agus an t-úrscéal is deireanaí le Seán Mac Mathúna, Hula Hul.

Tionscail eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é a bhunaigh an chomhdháil ealaíne Ealaín ar Oileán in Inis Oírr i 2004 i gcomhar le Val Ballance, agus is é atá á stiúradh ó shin.

D'fhreastail sé ar Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim air.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Darach Ó Scolaí - Leabhar Breac - Úrscéalaí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  2. "An Cléireach - Leabhar Breac - Úrscéal" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  3. "Bódléar" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  4. "Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana 2025 fógartha ag Oireachtas na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-30). Dáta rochtana: 2025-09-30.
  5. "An Ceithearnach Caolriabhach - Leabhar Breac - Darach Ó Scolaí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  6. "Feis Tigh Chonáin" (en-US). An Siopa Leabhar. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  7. "Feis Tigh Chonáin - Leabhar Breac - Fiannaíocht" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  8. "Súil an Daill" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-09-30.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]