Oileán an Órchiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharOileán an Órchiste
(en) Treasure Island Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRobert Louis Stevenson Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leNewell Convers Wyeth agus Louis Rhead (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánLondain Cuir in eagar ar Wikidata, an Ríocht Aontaithe, 1883 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraficsean teacht in inmhe, ficsean farraige, ficsean eachtraíochta agus ficsean píoráideachta Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaNorth Devon
Hispaniola
Oileán an Órchiste
Meiriceá Easpáinneach Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilTreasure Island universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir OCLC7551075 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: fe252c44-9740-4eb8-a988-377f37bb44a4 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal eachtraíochta leis an údar Albanach Robert Louis Stevenson is ea Oileán an Órchiste (nó Treasure Island i mBéarla). In 1883 a foilsíodh an leabhar, cé gur foilsíodh sraith idir 1881 agus 1882 san iris Young Folks faoin ainm cleite Captain George North.

Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste[1], agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air. Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta — i bpearsa Long John Silver — rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg.

eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pléann Oileán an Órchiste le scéal an ógánaigh, Jim Hawkins, a théann chun farraige lena chomharsana, an Dochtúir Livesey agus Squire Trelawney, ar thóir órchiste an Chaptaein Flint — foghlaí mara básaithe a d’fhág léarscáil dá chreach ina dhiaidh.

eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth

Gan fhios dóibh, i measc an chriú a earcaítear don long, tá an cócaire mara, Long John Silver agus iarbhaill eile de chriú an Chaptaein Flint a éiríonn amach in aghaidh chaptaein na loinge chun seilbh a ghlacadh ar an órchiste.

In ainneoin a óige, is é Jim Hawkins laoch an scéil.

Foghlaithe Mara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an leabhar i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d’órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d’oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige.[2]

Ar na fíorfhoghlaithe mara a luaitear san úrscéal tá William Kidd (a bhí i réim in 1696–99), Blackbeard (1716–18), Edward England (1717–20), Howell Davis (1718–19), agus Bartholomew Roberts (1718–22).

eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth

Cosúil le Captaen Flint an úrscéil, chuir Kidd órchiste i bhfolach ar Gardiners Island, cé gur tháinig na húdaráis air go gairid ina dhiaidh sin.[3]

Eagráin de Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh os cionn 50 scannán agus clár teilifísec den leabhar[4] agus aistríodh é go mórchuid teangacha.

Aistriúchán Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Darach Ó Scolaí

Aistríodh go Gaeilge é sa bhliain 2014 faoin teideal ‘’Oileán an Órchiste’’. San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth[5].

eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth

Treasure Island, 1911 Ginn and Company, réamhrá fada agus nótaí le Frank Wilson Cheney Hersey (Harvard University).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. leabharbreac.com. "Oileán an Órchiste". Dáta rochtana: 2018.
  2. teideal=Cordingly-overestimated>Cordingly, David (1995) Under the Black Flag: the romance and reality of life among the pirates; lch 7.
  3. Adams, Cecil The Straight Dope: Did pirates bury their treasure? Did pirates really make maps where "X marks the spot"? 5 Deireadh Fómhair 2007
  4. Dury, Richard. Film adaptations of Treasure Island Curtha i gcartlann 2016-04-02 ar an Wayback Machine.
  5. tuairisc.ie. "Léirmheas". Dáta rochtana: 2018.