William Kidd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Kidd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1645
Dùn Dèagh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Bealtaine 1701
55/56 bliana d'aois
Wapping, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpríobháideoir, saighdiúir, foghlaí mara Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh na Naoi mBliana
Eile
Ciontaíodh idúnmharú
→ (foghail mhara) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 11376751 Cuir in eagar ar Wikidata

Mairnéalach ba ea e William Kidd, agus bhain sé cáil amach mar fhoghlaí mara, ach tá go leor conspóide faoi fós. Rugadh é i nGraonach, Albain ar 22 Eanáir 1645 agus crochadh é i Londain ar an 23 Bealtaine 1701.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac ministir Albanach ba ea é. Chuaigh sé le mairnéalacht go luath ina shaol. I rith Cogaidh Rí Liam III, idir an Fhrainc agus Sasana, Bhain sé ard-cháil amach mar chaptaen ar shoitheach foghlaí sna hIndiacha Thiar. Fé 1696 bhí sé ar cheann den Maistrí Mara ba rathúla a sheol amach as Cuan Nua-Eabhrac.

Eachtra Adventure Galley, 1696-1699[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhulaing tráchtáil na Breataine go mór ó phíoráidí foghla an tráth úd. Dá bíthin sin thug Liam III an túdarás in 1696 “D’ár gcaptaen iontaofa is rí-ionúin Kidd” píoráideacht mara a chosc agus dul ag seoladh in a fhoghlaí mara in-aghaidh na bhFrancach chomh maith. Mar Mháistir ar an Adventure Galley, 284 tonna, chuaigh sé faoi sheol le criú de 155 agus 30 gunna thar timpeall gnáthóga clúiteacha na bhfoghlaí – Malabar, Madagascar agus an Mhuir Rua.

Ach chlis air teacht ar fhoglaithe ar bith. Mharaigh an calar cuid dá chriú. Bhí a sholáthairtí bia beagnach ídithe. D’éirigh an long pollta agus rinne an criú míshásta ceannairc. Ag breith greim ar an soitheach, chlaon siad chun na píoráideachta, agus rug siad forlámhas ar roinnt longa beaga Múracha. Ar ball d’ionsaigh siad long cogaidh Phortaingéalach agus ar deireadh thiar ghabh siad soitheach Airméanach deá-luchtaithe, An Ceannaí Céadach.

De réir fianaise Kidd, d’éirigh leis smacht d’athghabháil ar an Adventure Galley ina dhiaidh sin. Chinn sé ar an seanbhád a thréigint agus d’aistrigh sé a chreach luachmhar go dtí slúpa gafa. I 1699 thug sé aghaidh ar Bhoston ar an aigne go dtabharfadh sé a shlad dos na húdaráis ansúd. Ach roimhe sin fógraíodh é bheith ina phíoráid ámh. Ghabhadh é ar theacht i dtír dó agus cuireadh faoi thriail é i Londain ar “choir na píoráideachta”.

Ag plé “é bheith ar an té ba neamhchiontaí díobh uilig”, dhearbhaigh sé gurbh é a chlaon chun na píoráideachta. Ach ainneoin sin fuarthas ciontach é.

Ach níor cruthaíodh príomh-hoir na píoráideachta a chuireadh ina leith go háit i theacht éifeachtach riamh, ámh, agus tá roinnt den húdaráis an-amhras mór gur píoráid a bhí ann riamh. Cuireadh chun báis é ar 23 Bealtaine 1701 i Wapping.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta fada tar éis a bháis, luadh an Captaen Kidd san iliomad bailéad. Spreagadh “Treasure Island” de chuid Robert Louis Stevenson fiú amháin, de bharra chuid eachtraí. Ó am go ham freisin déanann daoine eachtrúla tochaltáin thar chladach Bhostoin agus in áitheacha eile ag dúil go dtiocfaidh siad ar thaiscí saibhre d’ór, d’airgead agus de sheoda luachmhara a chreidtear a bheith i bhfolach ó aimsir an fhoghlaí mara úd.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]