Ealaín ar Oileán
Cineál | comhdháil bhliantúil |
---|---|
Bailíocht | 2004 - |
Príomhábhar | ealaín |
Suíomh | Áras Éanna, Éire |
Tír | Éire |
Comhdháil bhliantúil do lucht ealaíne a reáchtáiltear in Áras Éanna in Inis Oírr is ea Ealaín ar Oileán.[1]
Is iad Darach Ó Scolaí agus Val Ballance a bhunaigh an chomhdháil i 2004. Ealaíontóirí ag labhairt le healaíontóirí is téama don chomhdháil. I nGaeilge a reáchtáiltear an chomhdháil agus cuirtear fáilte roimh gach duine ar spéis leis na healaíona. Is i ndeireadh na Bealtaine bhíonn an chomhdháil ar bun.'
Ar na healaíontóirí a bhí páirteach go dtí seo tá Clíodna Cussen, Alan Titley, Biddy Jenkinson, Liam Mac Cóil, Ríonach Ní Néill, Seán Ó Flaithearta, Nuala Ní Dhomhnaill, Joe Steve Ó Neachtain, Rachel Holstead, Dara Ó Conaola, Feargal Ó Béarra, Seán Mac Mathúna, Feargus Ó Conchúir, Róisín Elsafty, Ceara Conway, Louis de Paor, Rónán Ó Snodaigh, Andrias de Staic, Tadhg Mac Dhonnagáin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Iris Ealaín na Gaeltachta, Bealtaine '05". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2007-12-21.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- http://www.ealainaroilean.com Curtha i gcartlann 2008-07-05 ar an Wayback Machine