Jump to content

Róisín Elsafty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRóisín Elsafty
Beathaisnéis
Breith1976
49/50 bliana d'aois
Conamara, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1996 
SeánraCeol tíre traidisiúnta
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
UirlisCeol gutha
Teaghlach
MáthairTreasa Ní Cheannabháin


Musicbrainz: f16e18f6-e704-4d4d-aa7f-e4702bbf276c Songkick: 691096 Discogs: 2726429 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí ar an sean-nós í Róisín Elsafty.

Is de shliocht Gael-Éigipteach í Róisín Elsafty, ó Chontae na Gaillimhe. Is iníon í le Treasa Ní Cheannabháin agus le Saber Elsafty, dochtúir Éigipteach. Is deirfiúr le Naisrín Elsafty í. Teaghlach ilchultúrtha agus dáchreidmheach a bhí ann agus dhéantaí idir Nollaig agus Eid ul-Fitr (deireadh Ramadan) a cheiliúradh. Bhuail na tuismitheoirí le chéile agus iad ag obair sa Danmhairg agus phós i bparóiste Chill Chiaráin.[1] Chuaigh an chlann ar scoil sa cheantar agus idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a dtoil acu. Tá an ceol ó dhúchas aici, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá sí le feiceáil agus le clos ag amhrán ar roinnt clár ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta.[2]

Tá baint ag Róisín agus a muintir leis an Meánoirthear i gcónaí. Is feachtasóir ar son cearta daonna lena cuid ceoil í.[3]

  • Má Bhíonn Tú Liom, Bí Liom (2007, VERTCD080)
  • Irlande: L’art du Sean-Nós, Róisín Elsafty & Treasa Ní Cheannabháin (Buda Musique 92711-2)

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]