Ramadan
| Cineál | tréimhse | ||
|---|---|---|---|
| Cuid de | féilire Ioslamach agus cultúr Ioslamach | ||
| Lá | Ramadan | ||
| Fad ama | 29 d agus 30 d | ||
| Cultúr | Ioslam | ||
| Reiligiún | Ioslam | ||
| Is cúis le | carthanacht forgiveness (en) urnaí | ||
| Meán cumarsáide | |||
| Croineolaíocht | |||
| Laylat al‐Qadr | |||
| Codanna | |||
| |||
An naoú mí den bhliain is ea Ramadan[1] san fhéilire Ioslamach. Tréimhse troscaidh (sawm) agus tréanais is ea í; le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh le linn uaireanta le solas an lae..[2][3]


Féile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrann Ramadan an uair a nochtaíodh rainn an Choráin don Fháidh Muhammed. Is am troscaidh, paidreoireachta, machnaimh é Ramadan, am a chaitear le clann agus cairde agus am chun dea-ghníomhartha a dhéanamh.[4]
Beannachtaíː Deirtear "Ramadan mubarak" ("Ramadan kareem" uaireanta) nó beannachtaí na féile ort

Troscadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar troscadh (cosc ar bhia srl. le solas an lae) i gcuimhne do dhaoine nach bhfuil ach fíor bheagán acu le n-ithe, chun trua a léiriú agus chun chun féinsmacht a spreagadh. Bíonn gach Moslamach atá in inmhe agus sláintiúil a dhóthain ar throscadh le linn Ramadan.[4]
Déanann Moslamaigh troscadh mar ghníomh aithrí ("Hadith") chomh maith.
Itheann cuid mhaith Moslamaigh béile go luath ar maidin – an "Suhoor", agus béile eile nuair atá sé dorcha sa tráthnóna – an "Iftar".
Le linn Ramadan, déanann Moslamaigh troscadh ó éirí go luí na gréine. Ciallaíonn sé sin ná nach n-itheann siad le linn uaireanta sholas an lae.[4]
Féilire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maireann an troscadh timpeall mí amháin gach bliain. Athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú. . Tá an féilire Ioslamach bunaithe ar an ngealach – is féilire gealaí é. Bíonn dhá mhí dhéag aige, mar aon leis an dá mhí dhéag a bhíonn ag féilire na gréine (bunaithe ar an ngrian). Bíonn idir 29 agus 30 lá ag míonna gealaí agus mar sin leanann Ramadan ar feadh 29 nó 30 lá.[4]
Tosaíonn agus críochnaíonn Ramadan ar ghealach lán. Is siombail Ioslamach é an corrán gealaí agus feictear go minic é ar dhíon mosc.
Deireadh na tréimhse troscaidhː Eid al-Fitr[5]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar "Eid al-Fitr " ar dheireadh na tréimhse troscaidh bliantúla, ag tús mí Shawwal, an deichiú mí.
Tá go leor nósanna ag baint le Eid al-Fitr. Mar shampla, tá stíl cheoil fhuinniúil, bheoga ann, an bubu atá fréamhaithe i gceiliúradh mhuintir Mhoslamach Shiarra Leon ar dheireadh na tréimhse troscaidh bliantúla Ramadan.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Ramzaan, Ramzaan, srl
- ↑ "Dlíthe agus gnásanna áitiúla | Taisteal | An Roinn Gnóthaí Eachtracha | Ireland.ie | Ireland.ie". www.ireland.ie. Dáta rochtana: 2025-08-06.
- ↑ Cogg.ie. "Mahamad". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-13. Dáta rochtana: 2021.
- 1 2 3 4 Anita Dermody, Fionnuala Ward, Elisha Kelly / learning.educatetogether.ie. "Cuaillí Beathaː Croí-chlár Eitice do Scoileanna Ilchreidmheacha". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-13. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ nó Eid-ul-Fitr ... bí cúramach gan Eid-ul-Fitr a mheascadh le hEid-ul-Adha, ar a dtugtar An Eid Mór, a mharcálann deireadh an Haj, an oilithreacht bhliantúil go Mecca.
- ↑ Ben Ó Faoláin. "Rí an cheoil Bubu… ar ais le halbam anamúil fíneálta" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-04-13.