Tadhg Mac Dhonnagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is ceoltóir Éireannach as Contae Mhaigh Eo é Tadhg Mac Dhonnagáin. As Achadh Mór in oirthear Chontae Mhaigh Eo dó.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí seachtar clainne ag a thuismitheoirí. Bhí traidisiún ceoil sa teaghlach: seinnteoir ceoil cumasach ba ea a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán.

Fuair sé féin agus a bheirt deartháireacha giotár mar bhronntanas. Ba chiotóg é cé gur dheasóga iad an bheirt eile: mar sin d'fhoghlaim sé an giotár mar dheasóg agus is mar sin a sheinneann sé anois é "cé go n-airím go mbeadh rithim níos fearr agam dá mbeadh sé foghlamtha an bealach eile agam".

Scolaíocht áitiúil a fuair Tadhg agus, ag uair amháin, bhí seisear den teaghlach sa scoil bheag nach raibh inti ach 20 páiste. Mar sin, baineadh siar as Tadhg nuair a chuaigh go scoil chónaithe Iarfhlatha Naofa i dTuaim.

"Athrú cultúir mór a bhí ann - slua mór buachaillí agus iad ar fad ag bataráil a chéile. Bhí an ghráin agam air agus d'fhág mé tar éis bliana. Thosaigh mé ansin sa mheánscoil áitiúil sa mbaile agus shocraigh mé síos go breá."

Cháiligh sé féin mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus fuair sé seans tuilleadh eolais a chur ar an gceol.

Múinteoireacht agus obair theilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith sé cúig bliana mar mhúinteoir i nGaelscoil i Léim an Bhradáin agus thosaigh ag obair sa teilifís.

"Thaitin an obair sin go mór liom ach bhí spreagadh de dhíth orm. Ar bhealach is laige é sin i nduine a bhíonn ag scríobh agus ag canadh - bíonn siad ag lorg spreagtha agus aiseolais. Baineann leis an gcruthaitheacht, is dócha. Bhí mé fós ag múinteoireacht nuair a thosaigh mé ag obair sa teilifís den chéad uair ar an gclár do pháistí réamhscoile 'Dilín Ó Deamhas'. Na naíonáin bheaga a bhíodh á dteagasc agam agus sheas an taithí sin liom. Thaitin an obair theilifíse go mór liom mar bhí mé ábalta ionchur cruthaitheach a bheith agam agus fuair mé deis scripteanna agus scéalta a scríobh. Sin an spéis a bhí agam sa teilifís ariamh, go mbeadh baint agam leis an bpictiúr leathan, leis na smaointe a chuaigh isteach sa chlár.

"De bharr mo thaithí fuair mé cuireadh triail a dhéanamh don irischlár nua, 'Cúrsaí', agus ghlac siad liom. B'in 1987 agus bhí baint agam leis an gclár sin ar feadh trí bliana déag."

Deir sé faoin gclár

"Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois. Ba é 'Cúrsaí' an t-aon (seachas ceann nó péire eile) rud as Gaeilge a bhí ag dul amach ar an aer agus bhí na hacmhainní bunúsach go leor. Ní raibh mórán tacaíochta taobh istigh de RTÉ dó. D'athraigh rudaí nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir. An rud a chonaic Cathal nach bhfaca daoine roimhe ná, toisc gur clár mionlaigh a bhí ann, bhí i bhfad níos mó saoirse ag an bhfoireann ná mar a bhí ag an dream a bhí ag obair ar na cláir Bhéarla."

Thug sé isteach léiritheoirí óga nua, ina measc Ferdia Mac Cana agus Sheila de Courcy.

"As sin a d'fhás 'Cúrsaí Ealaíne', agus chuaigh mé féin agus Síle i mbun oibre air. Bhí Michael D. Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha. Bhí an-spéis ag na healaíontóirí féin ann agus mheall an clár daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá mé an-bhródúil as an obair a rinneamar leis an gclár 'Cúrsaí Ealaíne' agus, ó baineadh den aer é, tá folús ann nár líonadh go fóill. Níl aon chlár ar an teilifís anois ar nós 'Rattlebag' an raidió a chuireann muid ar an eolas faoi na healaíona ar fad."

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Mac Dhonnagáin taifeadadh ar 2 albam de cheol comhaimseartha agus é i mBaile Átha Cliath.

Bhíodh sé ag casadh a chuid amhrán sa Chafé Gorm go rialta. As sin fuair sé cuireadh ó Ghael Linn albam a dhéanamh; bhí cúpla amhrán taifeadta aige le Raidió na Gaeltachta roimhe sin.

Sa bhliain 1988 a eisíodh Solas Gorm. Ina dhiaidh sin, seoladh Raifteirí san Underground.

Cumann sé amhráin do pháistí óga agus sa bhliain 1997 d'eisigh sé dlúthdhiosca dar teideal Bliain na nAmhrán. Bhain sé úsáid as ainm cleite, Futa Fata Féasóg, agus anois tá suíomh gréasáin bunaithe aige faoin ainm sin (www.futafata.com) chun cumadh an cheoil nua-aimseartha Ghaeilge a chur chun cinn. Faoin lipéad sin, tá cnuasach amhrán as an gcéad dá albam atheisithe aige. Le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, rinne sé Imíonn an tAm.

"Ní raibh fáil a thuilleadh ar an dá albam agus, rud eile, níor eisíodh Solas Gorm riamh i bhfoirm dlúthdhiosca. Tá mic léinn dara agus tríú leibhéal ag déanamh staidéir ar roinnt mhaith de na hamhráin seo mar dhánta agus ba mhaith liom go mbeadh an deis acu iad a chloisteáil mar phíosaí ceoil, mar is amhráin ó cheart iad."

Tá lucht éisteachta nua anois aige ó tháinig an t-idirlíon ar an saol, Meiriceánaigh go mór mhór.

"Táim ag casadh le blianta d'eachtrannaigh ar chúrsaí Oideas Gael i dTír Chonaill agus bíonn an-suim agam i conas mar a ghlacann siad le mo cheol."

I measc na n-amhrán atá ar an dlúthdhiosca sin tá "Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir", an t-aon cheann ar deineadh taifeadadh as an nua air.

"Roghnaigh mé na hamhráin a thaitníonn leis an lucht éisteachta. Scríobhaim i gcónaí faoi rudaí a bhaineann le mo shaol féin; ní féidir liomsa scríobh de réir foirmle. Tá an-ghrá agam don amhrán mar fhoirm ealaíne. Cuireann na hamhráin tréimhsí de do shaol i gcuimhne duit; téann siad amach ansin ar na tonnta agus tá siad an-chumhachtach. Bhínn ag scríobh filíochta ach cheap mé nach raibh dóthain cumarsáide ann. Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom mar fhonnadóir ná go dtugann amhrán cead do dhaoine breithiúnas a dhéanamh ort. Bíonn daoine níos mó ar a gcompord ag éisteacht le hamhráin. B'fhearr liom an cáineadh ná gan aon aird a bheith á tabhairt orm!"

Tá cónaí air i gConamara lena bhean chéile agus lena gceathrar páistí.

Roghnaíodh é mar 'Uachtarán an Oireachtais' sa bhliain 2007 i gCathair na Mart.

Is é Seanán Ó Coistín an dalta is iomráití a mhúin sé.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]