Oideas Gael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaOideas Gael
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1984
Bunaitheoir(í)Liam Ó Cuinneagáin agus Seosamh Watson Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinoideas-gael.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Eaglais Cholm Cille, eaglais Anglacánach an bhaile

Cuireann Oideas Gael cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí gníomhaíochta cultúrtha ar fáil i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá príomhionad Oideas Gael suite i nGleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall, Éire ach bíonn cúrsaí de chuid Oideas Gael á reáchtáil ar an Choimín, i nGleann Fhinne, agus ar oileán Thoraí fosta. Chuir Liam Ó Cuinneagáin agus Seosamh Watson tús le Oideas Gael sa bhliain 1984.

Is iad aidhmeanna Oideas Gael:

  • Freastal a dhéanamh ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge.
  • Páirt a ghlacadh i saol na Gaeltachta.
  • Litríocht agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
  • Ceangal caradais a neartú idir Gaeil ar fud an domhain.
  • Caidreamh idir muintir na Gaeltachta agus pobal na hÉireann uilig a chothú tríd an Ghaeilge.
  • Daoine de gach cúlra cultúrtha, creidimh agus polaitiúil a thabhairt le chéile trí mheán na Gaeilge.

Meallann Oideas Gael breis agus 1,500 rannpháirtí go Gaeltacht Thír Chonaill gach bliain. Bítear ag freastal ar réimse leathan cúrsaí Gaeilge le cois siúl sléibhe, péintéireacht, fíodóireacht, seandálaíocht, cúrsaí imshaoil, cúrsaí ceoil agus tuilleadh nach iad. Is Éireannaigh iad tuairim is leath díobh sin a bhíonn ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael agus tagann an chuid eile as suas le 30 tír éagsúla gach bliain. Tá cúrsaí ar líne á gcur ar fáil ag Oideas Gael ón bhliain 2020 i leith.

Bíonn Oideas Gael ag plé le mórán tionscadal eile i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge agus forbairt phobail. D'fhoilsigh Oideas Gael an iris Beo! ar feadh 13 bliain agus tá cartlann na hirise ar fáil ar líne i gcónaí. Cuireann An Siopa Gaeilge de chuid Oideas Gael acmhainní ar fáil don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir Gaeilge araon, chomh maith le hábhar léitheoireachta, ceol, agus mar sin de. Bíonn múinteoirí de chuid Oideas Gael rannpháirteach in an-mhórán deireadh seachtaine Gaeltachta agus imeachtaí ar fud an domhain.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Oideas Gael - suíomh oifigiúil.
  • Beo! suíomh Beo! - iris a d'fhoilsítí ó Bhealtaine 2001 (Eagrán #1) go Meán Fómhair 2014 (Eagrán #161). Cé go bhfuil deireadh curtha le foilsiú na hirise, tá cartlann iomlán ar fáil ann i gcónaí.
  • PotaFocal.com

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]