Beo!
Cuma
| URL | http://www.beo.ie/ |
|---|---|
| Cineál | irisleabhar ar líne |
| Cur i seirbhís | Bealtaine 2001 |
| Scor seirbhíse | Deireadh Fómhair 2014 |
Iris idirlín mhíosúil Gaeilge ba ea Beo! Chuir Liam Ó Cuinneagáin tús léi i mí na Bealtaine 2001.[1] I ndiaidh 161 uimhir di a bheith foilsithe, tháinig deireadh le Beo! i nDeireadh Fómhair na bliana 2014. Oideas Gael a d'fhoilsigh an iris, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is féidir i gcónaí teacht ar gach alt a foilsíodh ariamh ag Beo! sa chartlann ag suíomh na hirise.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- I measc na rannóg san iris, bhí 'Ar na Saolta Seo' (cúrsaí reatha), 'Teanga agus Cultúr', 'Cúrsaí Spóirt', 'Rannóg na bhFoghlaimeoirí', 'Cúinne na nEalaíon' agus 'Cúrsaí Teicneolaíochta'.
- Bhí clár plé san iris chomh maith a thug deis do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta a bhí i mbéal an phobail.
- Bhí gluais ag dul le gach alt, rud a chiallaíonn gur féidir leis an foghlaimeoir é a léamh gan an foclóir.
- Bhí an iris idirghníomhach, chomh maith; tar éis duit alt a léamh, mar shampla, bhí na léitheoirí in ann scrúdú beag a dhéanamh chun a gcuid eolais ar stór focal an ailt a thástáil.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Beo! Curtha i gcartlann 2011-07-16 ar an Wayback Machine - suíomh oifigiúil
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ an Cuinneagánach ar RTÉ, 2001. "Online Publishing In Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-16.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Catagóirí:
- Síolta a bhaineann le nuachtáin
- Láithreáin gréasáin na Gaeilge
- Irisí nuachta i nGaeilge
- Irisí Gaeilge
- Irisí nuachta
- Irisí Éireannacha
- Soláthraithe nuachta i nGaeilge
- Soláthraithe Éireannacha nuachta
- Míosacháin
- Cultúr na Gaeltachta
- Gaeltacht Thír Chonaill
- Contae Dhún na nGall
- Bunaithe sa bhliain 2001
- Bunaithe sna 2000í