Seosamh Watson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Watson
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnBaha'i
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata

Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge ag an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath is ea Seosamh Watson, né Joseph. Déan na Dáimhe Ceiltí ab ea é ó 1995 go 2001.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhchinnire a bhí in Seosamh Watson ag Foras Ríoga Ollscolach Bhéal Feirste ("Inst") sa tréimhse 1961–1962. Fuair sé scoláireacht oscailte i gClasaicí ansin ag Coláiste an Rí, Cambridge.

Chuir sé obair iarchéime i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar theangacha Ceilteacha ag Ollscoil Dhún Éidinn agus ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

I ndiaidh tamaill ag obair sa Státseirbhís, ceapadh é sa bhliain 1970 i bpost i Roinn na Nua-Ghaeilge ag Coláiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath.

Phos sé An Dr Vivien Hick sa bhliain 1966.

Tá áit faoi leith ag Watson agus a bhean chéile, an Dochtúir Vivien Hick (iarbhall de mheitheal Ard-Mhúsaem na hÉireann), i saol lucht an chreidimh Bahá'í in Éirinn. Tá seisear clainne acu. Sa bhliain 1984 chuir Watson—in éineacht le Liam Ó Cuinneagáin — scoil Gaeilge do dhaoine fásta ar bun i nGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall. Bíonn breis is cúpla míle duine sa bhliain páirteach anois i gcúrsaí na scoile úd.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]