An Braon Aníos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Braon Aníos
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDarach Ó Scolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire
Seánradráma Cuir in eagar ar Wikidata

Is é An Braon Aníos an dara dráma leis an scríbhneoir agus ealaíontóir Éireannach Darach Ó Scolaí. An compántas Salamandar a léirigh é i 2006 agus i 2007. D'fhoilsigh Leabhar Breac an script i 2007.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ. Ansin tagann fear na gcoláistí samhraidh len iad a thabhairt slán — nó an dtagann? Ina léirmheas in Foinse rinne Feargal Ó Béarra cur síos ar an dráma mar shalamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh An Braon Aníos ar an stáitse den chéad uair in Áras na nGael i nGaillimh mar chuid den fhéile Project '06. An t-údar féin a léirigh é don chompántas Salamandar. Is iad Pádraig Ó Tuairisc, Peadar Ó Treasaigh, Sorcha Ní Chéide agus Sinéad Ní Fhlatharta a bhí sna príomhpháirteanna. Rinne an dráma camchuairt Ghaeltachta i 2006 agus cuireadh ar an stáitse é i Ros Muc, i gCois Fharraige, i gCorr na Móna, in Eanach Mheáin agus in Inis Oírr. Ainmníodh Pádraig Ó Tuairisc don Aisteoir is Fearr i bProject '07.

I 2007 rinneadh léiriú nua ar an dráma, agus Áine Ní Dhroighneáin páirteach in áit Shinéad Ní Fhlatharta. Cuireadh an dráma ar an stáitse in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, sa Project i mBaile Átha Cliath, sa Chultúrlann i mBéal Feirste, in Amharclann Chois Fharraige, i Ráth Cairn, agus ar an bhFeothanach i gCarraí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Braon Aníos, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac 2007