Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaToirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Thart faoin mbliain 1649 a mhair an file Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair, agus cé nach bhfuil ar marthain dá chuid filíochta ach trí dhán, tá sé ar cheann de na foinsí is tábhachtaí Gaeilge ar chogaí 1641-1652 in Éirinn.

Tuairisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cén uair a saolaíodh an file Toirdhealbhach Ó Conchubhair, nó cén uair a fuair sé bás. Ó fhianaise na canúna tuairimíonn Mag Craith gur ó Oirthear Uladh dó. Go deimhin, ní mhaireann mar fhianaise air ach na trí dhán a chuir Cuthbert Mhag Craith OFM i gcló i leabhar comórtha an Athar Luke Wadding. Dar le John Minahane, saighdiúir a bhí ann in arm Eoghan Rua Ó Néill, agus throid sé i gCnoc an Loingsigh in aghaidh arm an ghinearáil Michael Jones. Is léir óna chuid filíochta go raibh féith an ghrinn san fhile.

Dánta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndán amháin dá chuid tugann an file 'saighdiúir singil' air féin (cé go gceapann Mag Craith gur oifigeach a bhí ann). Ach tríd síos ina chuid dánta cruthaíonn sé pictiúr de féin dúinn mar fhear grinn a bhfuil teanga ghéar fheantach air. Sa dán (a cumadh i stíl na crosántachta) An gcuala tú cúrsa Corinel Seónsa? déanann sé magadh faoin Marcas Urmhumhan agus faoin Vícunta Móta Gairéad. Tugann sé le fios i bpéire de na dánta gur saighdiúir a bhí ann, agus go deimhin tá an-tábhacht leis an dá dhán sin mar fhoinse Ghaeilge ar chogaíocht na 17ú haoise agus mar léiriú ar dhearcadh na nGael ar na himeachtaí sin. Go deimhin, cé is moite de Cín Lae Ó Mealláin níl a mhacasamhail ar fáil ón tréimhse sin.

Sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar léiriú ficseanúil ar Thoirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair mar an meirgire caivilíreach 'Toirealach Ó Conchúir' in arm an rí sa bhliain 1650 san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Father Luke Wadding, The Franciscan Fathers, Clonmore & Reynolds, 1957
  • An Chrosántacht, Alan Harrison, An Clóchomhar, 1979
  • The Poems of Geoffrey O'Donaghue, John Minahane, Aubane Historical Society, 2008