Luke Wadding

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLuke Wadding

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Deireadh Fómhair 1588
Port Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Samhain 1657
69 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Choimbra
Choláiste Cill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDiagacht, diagacht Chaitliceach agus stair
Gairmstaraí, diagaire Caitliceach, manach, diagaire, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
FostóirOllscoil Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin
Ord crábhaidhOrd na mBráthar Mionúr

Bráthair Proinsiasach Éireannach agus staraí ba ea Luke Wadding, O. F. M. (16 Deireadh Fómhair 1588 – 18 Samhain 1657). 

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcathair Phort Láirge a rugadh é ar 16 Deireadh Fómhair 1588. Ba é an 11ú leanbh é ag Walter Wadding, ceannaí rafar, agus Anastasia Lombard, ar ghaol í le Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha; fuair Walter agus Anastasia bás den phlá i 1602. Cuireadh oideachas maith ar an mbuachaill óg i bPort Láirge, ag scoil Mrs Jane Barden agus i gCill Chainnigh ag scoil Peter White.  Rinne a dheartháir Maitiú cúram de agus thug leis é go dtí Liospóin.

Bráthair proinsiasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí deartháireacha agus gaolta leo ina sagairt agus clú orthu mar fhealsaimh agus mar dhiagairí. Col ceathar leo ba ea Luke Wadding (1593–1651) a bhí ina ollamh le diagacht in Valladolid agus Salamanca. Uaireanta tógtar é in amhlachas an Luke Wadding (c.1628–91), Easpag Fhearna, a scríobh 'Small Garland of Pious and Godly Songs', 1684 agus a chum an chéad dán (‘Christmas Day is come’) in 'The Oxford Book of Irish Verse, 17th century-20th century 1958'. Tar éis dó tamall a chaitheamh leis na hÍosánaigh i gColáiste na nGael i Liospóinchuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i 1604 i mainistir in aice le Oporto. Chaith sé tamaill le léann in Leiria, Lispóin agus Coimbra sular oirníodh é in Vizeu i 1613. Rinne sé staidéar ar an Eabhraisin Alba del Tormes. Rinne sé a thuilleadh staidéir ar an diagacht i gColáiste na nGael in Salamanca agus ceapadh é ina uachtarán ar an gcoláiste sin i 1617. Bhí de cháil air mar scoláire gur ceapadh é i 1618 mar dhiagaire oifigiúil i dtoscaireacht Rí na Spáinne a cuireadh ar bun sa Róimh d’fhonn Giniúint Mhuire gan Smál a chur chun cinn mar dhogma. Daichead bliain a chaith sé sa Róimh. I measc na n-éachtaí scribhneoireachta agus eile a rinne sé ann tá: i 1623 saothar uile San Froinsias a fhoilsiú; Coláiste San Isadóir a bhunú i 1625 agus Coláiste Ludovisi do ghnáthchléir na hÉireann i 1627; an chéad eagrán criticiúil de shaothar Duns Scotus i 1639; Scriptores Ordinis Minorum i 1650. Ceapadh é ina cheann ar choimisiún chun stair Ord San Froinsias a scríobh agus ba é an toradh a bhí air Annales Minorum, 1625–54, saothar a tharraing cáil idirnáisiúnta air. Is faoina thionchar a bunaíodh coláistí Froinsiasacha i bPrág, i bPáras, in Vielun sa Pholainn agus in Capranica na hIodáile. Ba é faoi deara gur cuireadh Lá ‘le Pádraig san fhéilire liotúirgeach. Deirtear go rabhthas ag iarraidh go mbeadh sé ina chairdinéal ach gur éirigh leis an gradam sin a sheachaint.

Bhí sé ina fhear ionaid agus ina thaidhleoir ag Comhchomhairle Chill Chainnigh sa Róimh agus san Iodáil ó 1642 ar aghaidh. Is de bharr an tionchair mhóir a bhí aige i gcúirt an Phápa gur cuireadh Scarampi i 1643 agus Rinuccini i 1645 go hÉirinn agus gur soláthraíodh airgead, airm, loingeas agus beannacht an Phápa d’Eoghan Rua Ó Néill. Tugann Mac Donnacha cuntas ar na suimeanna móra éagsúla airgid a mheall sé ó theaghlaigh uaisle Spada, Barberini agus Parnfilí ar mhaithe le cúis na gCaitliceach in Éirinn. ‘Fós, nuair a bhí fir ionaid an Phápa i bhFlóndras agus sa bhFrainc siléigeach faoi chabhrú le hÉirinn, ghearáin Uaidín leis an gCairdinéal Barberini iad gur tháinig athrú ar an scéal.’ Tuairimítear go raibh bá aige leis na Sean-Ghaill agus gur laghdaigh sin ar a thionchar. Deir Brendan Jennings (Wadding Papers 1614–38, 1953): ‘His last important appointment was in 1652, when he was made a member of the commission set up by Innocent X to discuss the five propositions of Cornelius Jansenius; and perhaps his insistent defence of their orthodoxy may account, more than anything else, for the fact that his last years seem to have been passed under a cloud.

Chomh maith le Béarla, Eabhrais, agus Laidin bhí Spáinnis, Portaingéilis agus lodáilis aige. Deir Mac Donnacha gurbh fhéidir go raibh beagán Gaeilge aige. Tá dán Gaeilge dar teideal ‘Carmen Hibernicum Lucae Waddingi’ in Dán na mBráthar Mionúr[I], 1967. Deir Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980: ‘Iarracht ar deibhidhe a scríobh atá ann; ach is léir nach maith an t-eolas a bhí ag Uaidín (nó ag an duine a cheap an dán nó a rinne an t-aistriú dó) ar an aiste sin.’ 


Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éag sé 18 Samhain 1657 agus tá sé curtha i séipéal an Choláiste San Isidore, an Róimh. Bhí beathaisnéis Wadding scríofa ag Francis Harold, a nia. Ba nia eile é an bráthair proinsiasach léannta Bonaventura Baron.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]