Jump to content

Brian Mac Giolla Coinnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Mac Giolla Coinnigh
Beathaisnéis
Breith1582 (Féilire Ghréagóra)
Bás1662
79/80 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart in Ord Naomh Proinsias ba ea Brian Mac Giolla Coinnigh (t.1582-t.1662) a chuir Gaeilge ar Riaghuil treas uird S. Froinsias agus a ghlac páirt lárnach in obair na bProinsiasach i Lobháin agus in Éirinn.[1]

Ar an Mór-Roinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Cúige Chonnacht é, agus cuireadh mar mhac léinn chun na Spáinne é ar dtús, agus ansin go Coláiste Naomh Antaine i Lobháin san Ísiltír Spáinneach i 1621. Oirníodh é ar an 19 Feabhra 1622. Bhí sé ina shéiplíneach i gcomplacht an chaptaein Somhairle Mac Domhnaill i bhFlóndras i 1623.

D'fhill sé ar Éirinn i 1627, agus i 1637 bhí sé ina ghairdian ar choinbhint an Oird i nGaillimh. Sa bhliain sin ceapadh ina ghairdian ar choláiste na nGael i Lobháin, Coláiste Naomh Antaine. Is sa tréimhse sin a d'aistrigh sé Riaghuil Threas Uird S. Froinsias agus cuireadh i gcló é i Lobháin i 1641. I 1644 ceapadh é ina phroibhinseal ar an Ord in Éirinn, agus ghlac sé páirt Nuinseas an Phápa, Jean Baptiste Rinnucini, in aghaidh Mharcas Urmhumhan san aighneas a bhí in Éirinn idir lucht Chomhairle Chinn Choinnigh agus an ag an am. Le linn an chogaidjh thug sé treoir d'oifigigh Chaitliceacha na Comhdhála cuntas a choinneáil ar imeachtaí an chogaidh, agus is dócha gur dá thoradh sin a scríobhadh Cín Lae Ó Mealláin. Tar éis teip Chomhairle Chill Chainnigh, agus do Oilibhéar Cromail an tír a chur faoi smacht, b'éigean do Bhrian Mac Giolla Coinnigh dul ar a theitheadh. Tuairiscítear go raibh sé ar a sheachaint i sléibhte Chúige Uladh i 1656, agus go raibh sé ina phríosúnach in Inis Bó Finne i 1657.

Déantar léiriú ficseanúil ar Bhrian Mac Giolla Coinnigh san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí, a lonnaíonn é i gCill Chainnigh i 1649 agus ag cúlú trí Thuamhumhan le harm an rí i 1650.

  • Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, Tomás Ó Cleirigh, An Gúm 1935, 1985
  • Beathaisnéis 1570-1781, Máire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar Tta, 2001
  • Rialacha San Froinsias, eag. Pádraig Ó Súilleabháin OFM, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, 1953

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]