Cibirnitic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse den róbaitic ina bpléitear le rialú is feidhmiú córas rialaithe siarchothaithe é Cibirnitic. Tagann ríomhairí go mór san áireamh sna córais seo ina ndéantar aschur an chórais a bhrath is a thomhas agus a mbaintear feidhm as na tomhais sin chun an córas a athrú is a rialú chun aschur ar leith a sholáthar. Eiseamláir shimplí is ea an teirmeastat, a stiúrann teocht an tseomra. Is féidir go mbeidh córas mar seo fíorchasta leis an iliomad braiteoirí, agus ríomhaire chun na comharthaí braite a phróiseáil is comharthaí stiúrtha a sholáthar don chóras chun é a athrú ar bhealach éigin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cibirnitic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 134.