Róbaitic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
REEM-A daonnóideach (humanoid), Davide Faconti, Pal Technology, www.pal-robotics.com

Feiste nó córas saorga is ea róbat a bhfuil feidhmeanna uathoibríocha aige a dhéanann duine go hiondúil. Is í róbaitic an eolaíocht is an teicneolaíocht a thagann san áireamh i ndearadh, tógáil, cothabháil is úsáid róbat.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An scríbhneoir cáiliúil ficsean eolaíochta Isaac Azimov a chum an focal robot i scéal i 1942.

Táirgeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic róbait in úsáid i gcórais déantúsaíochta uathoibríche, mar shampla i ndéanamh gluaisteán ar línte cóimeála. Is féidir iad a úsáid mar bhraiteoirí, feistithe le radharc saorga, tadhall is brath teochta.

Cuid mhaith díobh in ann socruithe a dhéanamh gan idirghabháil an oibreora, trí ríomhchláir a forbraíodh ó eolas an tsaineolaí ar an ngnó.

Nuair a bhíonn róbat i bhfoirm dhaonna, tugtar andróideach air.