Garrfhicsean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Amazing Stories, ceann do na hirisí garrfhicsin is coitianta sna 1920í

Tugtar garrfhicsean (Béarla: pulp fiction, Gearmáinis: Groschenhefte, Groschenliteratur, Heftroman, Schundliteratur) ar an gcineál litríocht éadroma a bhíonn, nó a bhíodh, le léamh ar irisí olltáirgthe ficsin. Bhí na hirisí garrfhicsin coitianta go maith ó na 1920idí go dtí na 1950idí, ach idir an dá linn, tháinig foirmeacha eile siamsaíochta ina n-áit. Mar sin féin, bhí an-tábhacht leo i stair an fhicsin eolaíochta agus seánraí eile. Is iomaí scríbhneoir creidiúnach a d'fhoghlaim uraiceacht a cheirde ag scríobh do na hirisí garrfhicsin.

Is é is brí leis an bhfocal Gaeilge garr ná "smúsach, laíon", ach úsáidtear sa chiall "truflais" é chomh maith. Mar sin, freastalaíonn sé go maith ar dhá chiall an fhocail Bhéarla pulp. Ainmfhocal firinscneach é garr, agus is é an ginideach atá aige ná gairr.

Stair an Gharrfhicsin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhtheachtairí an Gharrfhicsin i dTíortha an Bhéarla: Na Penny Dreadfuls agus na Dime Novels[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumadh an téarma Gaeilge sin garrfhicsean mar aistriúchán ar pulp fiction an Bhéarla, ach, leis an bhfírinne a rá, tá an cineál seo lón léitheoireachta níos sine ná an téarma Béarla sin. Bhí scéalta gáifeacha faoi choirpigh mhíchlúiteacha á gclóbhualadh ina n-irisí olltáirgthe le haghaidh léitheoirí simplí chomh fada siar leis na 1830idí i Sasana (na penny dreadfuls) agus sna Stáit Aontaithe (na dime novels). Go tipiciúil, bhí garrfhicsean na linne ag cur síos ar ghadaithe bóthair agus ar dhúnmharfóirí - "laoch" de chuid an gharrfhicsin a bhí i Sweeney Todd ar dtús, mar shampla, chomh maith le Dick Turpin - agus ní raibh sé as an ngnáth go n-athinseofaí na himeachtaí in úrscéal Gotach éigin a raibh ráchairt air. An chuid den gharrfhicsean a tháinig ó Mheiriceá, is léir gur tharraing sé ar an Iarthar Fiáin le haghaidh téamaí agus mianaigh scéalta. Is léir nár thaitin an lón léitheoireachta seo le cách, ó shíl a lán go raibh drochthionchar ag laochra coiriúla an gharrfhicsin ar mhoráltacht na ndaoine óga a bhí á léamh. Sa bhliain 1893, thosaigh an foilsitheoir Alfred Harmsworth ar shraith dá chuid féin, na halfpenny marvels, a bhí ní ba saoire ná an fíor-gharrfhicsean, agus is é an t-ábhar a bhí ann ná scéalta teagascacha Críostaí.

An Garrfhicsean sa Ghearmáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis an nGearmáin, deirtear go dtéann traidisiún Gearmánach an gharrfhicsin siar go dtí na Volksbücher, na "leabhair phobail". Bhíodh na "leabhair phobail" seo á ndíol ar na haontaí agus ar na margaí, agus ról nár bheag acu i bhforbairt na litríochta Gearmáinise tríd síos. Bhí idir scéalta coimhthíocha agus fhinscéalta Gearmánacha le léamh sna leabhair seo, scéalta a tháinig ón mbéaloideas, fiú. Bhí cuid mhór den ábhar eile bunaithe ar litríocht chlasaiceach na sean-Róimhe nó ar fhoinsí comhaimseartha Iodálacha, agus ar ndóigh, bhí béim ar an ngrá, ar na heachtraí agus ar na sceitimíní, cé go raibh scéalta teagascacha ann freisin. Chuaigh na "leabhair phobail" i ndearmad i rith na mblianta, ach sa naoú haois déag, d'fhorbair an garrfhicsean sa Ghearmáin cosúil le tíortha an Bhéarla.

Tugtar Groschenliteratur ar an ngarrfhicsean as Gearmáinis. Is é is brí le Groschen ná deich bpingine, nó deich Pfennig, ach is féidir an focal a úsáid sa chiall "sciúrtóg, cianóg, bonn beag airgid". Mar sin, tá an smaoineamh céanna le haithint ar an téarma Gearmáinise agus ar an dá sheantéarma Béarla (penny dreadful, dime novel): lón léitheoireachta nach gcosnaíonn ach sciúrtóg bheag airgid agus nach fiú mórán a íoc as ach an oiread. Téarma eile a bhí in úsáid sa Ghearmáin sa naoú haois déag ná Eisenbahnliteratur nó litríocht iarnróid - is é sin, litríocht a léadh na daoine ar an traein le maolú ar an leadrán.

Bhláthaigh an garrfhicsean Gearmáinise roimh ré órga an gharrfhicsin Bhéarla. Ba iad na naoi mbliana roimh an gCéad Chogadh Domhanda blianta móra an gharrfhicsin sa Ghearmáin. Bhí céad sraith éagsúla d'irisí garrfhicsin ag dul i gcló, agus iad roinnte idir trí theach foilsitheoireachta: Verlag für Volksliteratur und Kunst agus Verlag für moderne Lektüre i mBeirlín agus Dresdner Roman Verlag in Dresden.

Inniu féin, áfach, tá cuid mhaith irisí garrfhicsin le fáil as Gearmáinis, idir scéalta faoin Iarthar Fiáin, scéalta grá agus rómánsaíochta (Der Bergdoktor - "an Dochtúir sna Sléibhte"), scéalta bleachtaireachta (Jerry Cotton), scéalta ficsin eolaíochta (Perry Rhodan), scéalta uafáis (Geisterjäger John Sinclair - "sealgaire na dtaibhsí John Sinclair") agus scéalta cogaidh (Der Landser - focal ó laethanta an Dara Cogadh Domhanda é a chiallaíonn gnáthshaighdiúir). Is féidir tionchar an chultúir Mheiriceánaigh a aithint orthu, agus ainmneacha Béarla (nó bréag-Bhéarla) ar na laochra. Bleachtaire de chuid an FBI é Jerry Cotton, mar shampla, agus a chuid eachtraí suite i saol coiriúil na Stát Aontaithe. Spásaire agus spástaistealaí é Perry Rhodan. Maidir leis an Landser, caitheann sé súil ar an Dara Cogadh Domhanda as peirspictíocht an ghnáthshaighdiúra.

Is léir gurb iomaí locht a fuair na hoideolaithe agus na hintleachtóirí sa Ghearmáin ar na hirisí garrfhicsin. Bíonn siad an-mhíshásta leis an Landser, ach go háirithe, agus iad den bharúil go ndéanann an tsraith a bheag d'uafáis an chogaidh agus d'ainghníomhartha na Naitsithe.

Tá ráchairt áirithe ar an ngarrfhicsean Gearmánach taobh amuigh den Ghearmáin féin. Mar shampla, foilsítear scéalta faoi Jerry Cotton as Fionlainnis, agus scríbhneoirí dúchasacha ag soláthar an chuid is mó den ábhar inniu, cé gur aistriúcháin ón nGearmáinis a bhí ann nuair a thosaigh na scéalta ag teacht amach san Fhionlainn thiar sna 1960idí.

Ré Órga an Gharrfhicsin sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis an téarma Béarla (pulp fiction, ficsean laín), tagraíonn sé don pháipéar saor (laíon páipéir) ar a gclóbhuailtí na chéad irisí den chineál seo - bhíodh na hirisí "measúla" á bpriontáil ar pháipéar snasta, agus an t-ábhar féin iontu oiriúnach don teaghlach go léir. Bhí na scéalta gáifeach áibhéalach, agus iad ag glacadh buntáiste ar mhothúcháin an léitheora ar bhealach nach mbeadh inghlactha sa litríocht ardchultúrtha. Bhí na pictiúir ar chlúdach na n-irisí seo ar aon leibhéal leis an lón léitheoireachta a bhí iontu. Is minic a deirtear gurb iad na stiallchartúin (na greannáin, na coimicí) faoi shárlaochra osdaonna ar nós Superman agus Batman garrfhicsean an lae inniu, idir scéalaíocht agus phictiúir. Nó ba mhinic a thug irisí áirithe garrfhicsin - na h-"irisí garrlaochais" (hero pulps) mar a déarfá - cur síos ar eachtraí laochra a bhí inchomórtais leis na sárlaochra ó thaobh a gcumhachta is a gcrógachta de.

Cuma agus Cosúlacht na nIrisí Garrfhicsin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh na scéalta féin clóbhuailte ar dhrochpháipéar, ba nós clúdach snasta a chur ar an iris, agus pictiúr gáifeach air. De ghnáth, bhí cailín i gcruachás le feiceáil ar an gclúdach, agus í ag fanacht leis an laoch teacht chun tarrthála uirthi. Bhí an-tábhacht leis an bpictiúr clúdaigh i margaíocht na n-irisí garrfhicsin, agus ba mhinic a dearadh an pictiúr sula ndeachaigh an scríbhneoir i mbun pinn: ansin, tugadh an clúdach dó, ionas go gcumfadh sé scéal oiriúnach. Nuair a bhí na hirisí seo i bpraidhm a maitheasa, bhí na healaíontóirí clúdaigh lán chomh tábhachtach ag na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí, mura raibh siad ní ba tábhachtaí, agus is iomaí duine acu a bhain amach clú nár bheag ar an obair seo.

Níos déanaí, thosaigh na hirisí garrfhicsin ag priontáil léaráidí taobh istigh den iris chomh maith, mar spíosra don scéal. Ó nach raibh cáilíocht an pháipéir thar moladh beirte, ní raibh sé indéanta ach pictiúir dhubha agus bhána a chur leis na scéalta, agus maidir leis an scáthlíniú, ní raibh grafaicí rastair ar fáil; chaithfeadh an línitheoir pointíleachas garbh nó cros-haitseáil a dhéanamh mar scáthlíniú, agus ansin féin, b'éigean dó aird a thabhairt air nach raibh an chlólann in ann línte ná poncanna rófhíneáilte a athchruthú.

De ghnáth, bhíodh na hirisí garrfhicsin seacht n-orlaí ar leithead agus deich n-orlaí ar airde (is é sin, fiche ceintiméadar ar leithead agus cúig cheintiméadar fichead ar airde), agus timpeall ar 128 leathanach i gceann acu. I dtús a staire, chosnódh ceann acu deich gceint Mheiriceánacha ort.

Teacht an Argosy[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurbh í an iris úd Argosy, nó an leagan den Argosy a tháinig ar an bhfód faoi stiúradh Frank Munsey sa bhliain 1896, an chéad iris gharrfhicsin i gciall cheart an fhocail, sna Stáit Aontaithe. Foilsitheoir ab ea Munsey, agus é ar an gcéad duine a thuig go mbeadh airgead mór le saothrú ar iris scéalaíochta agus eachtraíochta a bheadh dírithe ar na gnáthdhaoine, ar an lucht oibre ach go háirithe. Go bunúsach, d'aithin sé an acmhainn táirgiúlachta a bhí sa chlóphreas ghaltiomáinte agus an acmhainn tomhaltais a bhí sa lucht oibre.

Nuair a tháinig an chéad eagrán den Argosy i gcló, bhí 192 leathanach ann, agus ní raibh pictiúr ar bith ar an gclúdach, ná istigh san iris féin. Cuid de bhunsmaoineamh gnó an fhoilsitheora a bhí ann, nó theastaigh uaidh praghas na hirise a choinneáil chomh híseal agus ab fhéidir: dá mbeadh pictiúir ann, chaithfeá pá a íoc leis an ealaíontóir. Bhí an-ghal ar an Argosy, agus shaothraigh Munsey go deas ar an iris. I dtús réime an Argosy, bhí cúpla míle cóip á ndíol in aghaidh na míosa; sé bliana ina dhiaidh sin, bhí eagrán na hirise ag druidim le leathmhilliún cóip.

Iomaíocht sna Sálaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir gur spreag éacht gnó Mhunsey foilsitheoirí eile chun iomaíochta. Cosúil le Munsey féin, bhí Street & Smith Publications ag plé le hirisí eachtraíochta le haghaidh buachaillí óga sula ndeachaigh siad i ngnó an gharrfhicsin. Sa bhliain 1903, sheol siad a n-iris gharrfhicsin féin, an Popular Magazine. Bhí an lón léitheoireachta ní ba ghainne ar an bPopular Magazine ná ar an Argosy, ach ón taobh eile de, bhí pictiúr clúdaigh air, mar fheabhas ar an réamhtheachtaire. Sa bhliain 1905, thosaigh an Popular Magazine ar úrscéal úr le H. Rider Haggard, Ayesha, a fhoilsiú mar shraithscéal. Tharraing an tsraith seo súil na léitheoirí ar an bPopular Magazine, nó bhí an-iomrá ar Rider Haggard ón lá a tháinig a leabhar mór-ratha, She (nó Ise - d'aistrigh Niall Ó Dónaill an leabhar go Gaeilge don Ghúm i dtús na dtríochaidí), i gcló sna blianta 1886-1887. Sa bhliain 1907, d'ardaigh na foilsitheoirí praghas na hirise go cúig cheint déag, agus chuir siad tríocha leathanach lena raibh ann roimhe sin (is é sin, céad leathanach agus ceithre cinn déag is ceithre scór). In éineacht leis na gnáthscríbhneoirí iontaofa a bhí ag obair don iris, chabhraigh na leasuithe seo leis an bPopular Magazine a nideog a aimsiú agus teannta maith a bhaint amach sa mhargadh.

Ba iad foilsitheoirí an Phopular Magazine ba thúisce a thosaigh ag foilsiú irisí seánra - ceann acu ag foilsiú scéalta bleachtaireachta, ceann eile ag priontáil scéalta grá, agus mar sin de.

Ré Órga an Gharrfhicsin - agus a Deireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1920idí agus sna 1930idí, bhí na hirisí ba mhó ráchairte ag díol milliún cóip de gach eagrán. Tháinig deireadh leis an ré órga seo leis an Dara Cogadh Domhanda, áfach. I mblianta an chogaidh, bhí an páipéar gann, agus ina dhiaidh sin, tháinig iomaíocht nua ar an bhfód: na greannáin, an teilifís, na húrscéalta faoi chlúdach bog. Bhí saol is sochaí na Stát Aontaithe ag dul chun saibhris, agus ní raibh praghas íseal an gharrfhicsin chomh tábhachtach is a bhíodh le léitheoirí a mhealladh. Sa bhliain 1957, chlis ar an dáileoir ba mhó garrfhicsin, an American News Company, agus is gnách dearcadh leis an bhféimheacht seo mar dheireadh ré an gharrfhicsin, nó chuaigh roinnt irisí fadsaolacha in éag dá deasca, irísí "clasaiceacha" garrfhicsin mar a déarfá, agus na daoine meánaosta i ndiaidh a n-óige a chaitheamh á léamh. Ina dhiaidh sin, áfach, mhair cuid áirithe de na hirisí seánra, go háirithe irisí ficsin eolaíochta (Astounding/Analog) agus irisí scéalta bleachtaireachta (Ellery Queen's Mystery Magazine, mar shampla).

Seánraí an Gharrfhicsin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go tipiciúil, rinne an iris speisialtóireacht de sheánra éigin. Samplaí de na seánraí ab ea iad: scéalta fantaisíochta (scéalta faoi lucht na gclaimhte agus lucht na draíochta), scéalta coiriúla (scéalta faoi ainghníomhartha an Mhaifia nó drongadóirí eile), scéalta bleachtaireachta de chineál traidisiúnta, scéalta ficsin eolaíochta (bhí tionchar nach beag ag an iris gharrfhicsin úd Astounding, níos deireanaí Analog, ar fhorbairt an fhicsin eolaíochta mar sheánra, agus tá cáil ar eagarthóir na hirise sna blianta 1937-1971, John W. Campbell Jr.), scéalta cogaidh, scéalta uafáis, pornagrafaíocht bhog ("scéalta graosta" nó "scéalta dána"; spicy storiessaucy stories an téarma Meiriceánach), agus a lán eile. Is iomaí úrscéal clasaiceach ficsin eolaíochta nó bleachtaireachta a tháinig i gcló an chéad uair riamh i bhfoirm sraithscéil i gceann de na hirisí garrfhicsin.

Laochra agus Carachtair Aithnidiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí laoch de chuid an gharrfhicsin a chuaigh i dtáin an phopchultúir dhomhanda, go háirithe iad siúd ar chuir Hollywood suim iontu. An laoch a tháinig ar an bhfód sa gharrfhicsean, is minic a chonacthas sna greannáin agus ar na scannáin é freisin.

  • "Biggles", nó an t-eitleoir James Bigglesworth. Ba é an Captaen William Earl Johns, eitleoir Sasanach, a chruthaigh an t-eachtránaí seo. Bhí tuiscint mhaith ag Johns ar a cheird, agus é ábalta eachtraí dúisitheacha aeir a scríobh a chuirfeadh sceitimíní ar an léitheoir. Ón taobh eile de, bíonn Biggles ina ábhar conspóide inniu toisc go bhfuil ciníochas an Impiriúlachais le haithint ar na scéalta sách minic.
  • Buck Rogers, laoch spáis. Bhí tábhacht nár bheag ag an gcarachtar seo i stair an fhicsin eolaíochta, nó is féidir a rá gur tharraing Buck Rogers súil na sluaite móra ar an spás mar stáitse do scéalta eachtránaíochta.
  • Conan the Barbarian, a tháinig ó pheann Robert Howard. Mar is léir ó ainm an laoich, bhí suim ag Howard i seanstair na hÉireann agus na nGael, agus chum sé cúpla scéal faoi stair na hÉireann freisin, ar nós chath Chluain Tarbh. Maidir le Conan, áfach, bhí a chuid eachtraí suite i saol fantaisíochta nach raibh baint ar bith aige leis an bhfíorstair.
  • Flash Gordon, a cruthaíodh mar fhreagra ar Buck Rogers. Eachtránaí spáis é freisin agus é ag cur troda ar Ming, tíoránach an phláinéid úd Mongo.
  • Fu Manchu, an t-ollchoirpeach Síneach (nó Manchúrach, mar is léir óna ainm). Ba é an scríbhneoir Sasanach Sax Rohmer (fíorainm: Arthur Sarsfield Ward) a chruthaigh an carachtar seo, "ionchollú na Bagartha Buí". Nuair a tháinig Fu Manchu chun saoil, bhí an Eoraip go léir ag caint faoin "mbagairt bhuí", is é sin, an dóigh a raibh "sluaite síoraí an chine bhuí" ón tSín agus ón tSeapáin ag bagairt ar an Iarthar, mar dhea. Dá réir sin, tá na scéalta seo ar maos le ciníochas frith-Shíneach a linne. Bhí an-tionchar ag carachtar Fu Manchu ar steiréitíopa an ollchoirpigh i scéalta eachtránaíochta, ar nós na gcoirpeach a gcuireann James Bond cath orthu ina chuid eachtraí, mar shampla.
  • Hopalong Cassidy, buachaill bó agus laoch clasaiceach de chuid an Iarthair Fhiáin. Ba é an scríbhneoir garrfhicsin Clarence E. Mulford a chruthaigh Hopalong Cassidy sa bhliain 1904. An leagan de Hopalong a bhí ag dul trí eachtraí i leabhair Mulford, ní raibh an iomarca glainíneachta ag baint leis ó thaobh na teanga ná na nósanna de, ach nuair a chuaigh sé ar an scáileán, b'éigean dó éirí as na mionna móra agus as na drochnósanna eile. D'athscríobh Mulford cuid mhór de na scéalta le hiad a chur in oiriúint do choincheap na scannán de Hopalong, ach tríd is tríd, ní raibh an chuid ba mhó de na scannáin bunaithe ar scéalta Mulford ar aon nós, agus níl mórán den bhunsmaoineamh le haithint ar na scannáin.
  • John Carter, an dara laoch is cáiliúla dár tháinig ó pheann Edgar Rice Burroughs. Is é Tarzan an duine is cáiliúla acu go léir. Fear ón Domhan é John Carter, ach is fear as an ngnáth é, ó tá sé beo leis na cianta cairbreacha anuas, agus ní cuimhin leis blianta a chéad óige. I ndiaidh dó an spás idir an Domhan agus Mars a thrasnú ar dhóigh dhiamhair, baineann sé cáil amach i measc mhuintir Mharsa lena chuid scileanna claimhteoireachta.
  • Nick Carter, an bleachtaire. Ba iad Ormond Smith (duine de bhunaitheoirí an tí foilsitheoireachta úd Street & Smith) agus an sclábhaí údair John R. Coryell a chéadcheap é sa bhliain 1886. I bhfad níos déanaí, d'athcheap na foilsitheoirí é mar spiaire, agus bronnadh an leasainm The Killmaster air.
  • Tarzan, Rí na nÁpaí agus Tiarna na Dufaire. Ba é Edgar Rice Burroughs a cheap é thiar sa bhliain 1912. Scríobh Burroughs breis is fiche leabhar faoi Tarzan, agus chuaigh an laoch ar an scáileán scannáin freisin. Fear uasal ó Shasana a bhí i dTarzan go bunúsach, ach nuair a fuair a thuismitheoirí bás i ndiaidh longbhriseadh ar chósta na hAfraice, ghlac ápa baineann leis an leanbh mar mhac altrama, agus tógadh i measc na nÁpaí Móra (na Mangani) é - cineál ápaí a cheap Burroughs féin, agus iad níos intleachtaí ná na simpeansaithe agus níos mó ná na goraillí. Bhronn na hápaí an t-ainm sin Tarzan air ("An Craiceann Geal" is brí le tar zan i dteanga na n-ápaí seo, mar a deir Burroughs), ach mar a tháinig chun solais i ndeireadh báire, John Clayton, Tiarna Greystoke ab ainm do Tarzan i ndáiríre. (I gcuid de na leabhair, tugtar Tiarna Passmore air freisin, agus an chuma ar an scéal gurb é seo an t-ainm a úsáideann sé agus é ag iarraidh gan súil an tsaoil mhóir a tharraingt air féin.)
  • Zorro, fear uasal Meicsiceach agus é ag cur catha ar son na mbocht is na nocht i San Francisco nuair a bhí Meicsiceo i seilbh na cathrach sin go fóill.

Scríbhneoirí Garrfhicsin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith na scríbhneoirí aithnidiúla seo leanas tréimhse éigin dá saol, ar a laghad, ag scríobh garrfhicsin:

An Garrfhicsean agus an Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách dearcadh ar shaothar Chathail Uí Shandair mar phríomhshampla de "gharrfhicsean" Gaeilge: bhí laoch den chineál sin aige (Réics Carló) chomh maith le cailín deas dathúil (Fionnuala) agus a chúntóir óg (Brian Ó Ruairc, nó an Ruarcach), gan aon trácht a dhéanamh ar an sárbhithiúnach (Randa Dal). Mar sin féin, foilsíodh a lán úrscéalta Gaeilge nach raibh ródhifriúil le garrfhicsean, úrscéalta grá ach go háirithe.

Is é is bunbhrí le garrfhicsean ná scéalta a d'fhoilseofaí ar irisí speisialta nach mbeadh sásta mórán ábhair d'aon chineál eile a chur i gcló. Is dócha nach raibh iris den chineál seo ar fáil as Gaeilge riamh. Bhí an Gúm sásta, áfach, ábhar a chur i gcló a bhí an-chosúil le garrfhicsean ó thaobh na dtéamaí agus na stíle scéalaíochta de. Ar ndóigh, bhí na scéalta seo - "úrscéalta coitiantachta" mar a thug Alan Titley orthu ina leabhar mór faoi úrscéalaíocht Gaeilge - ag cloí go dian leis na srianta moráltachta a chuir saol na hÉireann Caitlicí leis an litríocht. Mar sin, sheachnaítí an gháirsiúlacht, cé go raibh leath-thagairtí nó mionsceitimíní anghrácha le haithint in áiteanna. Thairis sin, ba nós na himeachtaí garrfhicseanúla féin a shuí i dtimpeallacht na Gaeltachta, nó in Éirinn ar a laghad.

Tá an chuma ar an scéal go raibh tionchar sách díreach ag an ngarrfhicsean Meiriceánach ar fhorbairt na húrscéalaíochta Gaeilge. Ar a laghad, deirtear go raibh Fánaí, úrscéal rómánsúil Sheáin Óig Uí Chaomhánaigh ón mbliain 1927, bunaithe ar scéal garrfhicsin éigin ó Mheiriceá. Chaith an scríbhneoir roinnt blianta ag sclábhaíocht is ag spailpínteacht sna Stáit Aontaithe, agus is dealraitheach go bhfuair sé aithne ar gharrfhicsean na linne thall ansin. Theastaigh uaidh, go príomha, scéalaíocht Gaeilge a sholáthar a gcuirfí suim fhorleathan inti, agus thuig sé go gcuideodh foirmlí inste an gharrfhicsin leis san obair seo. Is léir nach raibh Fánaí gáirsiúil mar a thuigfimis an aidiacht sin inniu, ach mar sin féin, bhí cur síos ann ar phóg phaiseanta a chuaigh faoi scian an chinsire nuair a tarraingíodh an leabhar siar sa bhliain 1928.

Cé go raibh plota garrfhicseanúil i stíl na scéalta faoin Iarthar Fiáin san úrscéal seo - idir ghrá agus dhíoltas brúidiúil - ní raibh caill ar bith ar scileanna Gaeilge an scríbhneora: cainteoir dúchais a bhí ann, agus chum sé téarmaí dá dhéantús féin le tagairt do theicneolaíocht nua-aimseartha a linne a bhí níos coitianta i Meiriceá ná sa Ghaeltacht. Thairis sin, bhain sé úsáid as focail fhileata de chuid na seanchaithe agus na seanfhilí le hiad a athbheochan mar chuid den traidisiún liteartha. Tríd is tríd, bhí ciall ag Seán Óg do cheird an scríbhneora.

Bhí tréithe an gharrfhicsin le haithint ar a lán saothar eile fós. Mar shampla, cé go raibh imeachtaí an úrscéil úd Peats na Baintreabhaighe (Peats na Baintrí a bheadh ann de réir litriú ár linne féin; Nóra Ní Shéaghdha a scríobh é) suite i saol na Gaeltachta, bhí an plota ag déanamh dlúthaithrise ar mhúnlaí an gharrfhicsin. Go bunúsach tá buachaill bocht ann agus é i ngrá le cailín bocht, ach ós rud é go bhfuil an bheirt acu chomh dearóil sin, níl an brat pósta i ndán dóibh ar aon nós. I ndiaidh don chailín bhocht dul idir dhá dtír, áfach, tugann cailín saibhir taitneamh agus teasghrá don bhuachaill. Tá uncail an chailín seo drochamhrasach faoin mbuachaill, áfach, ach, ar ámharaí an tsaoil, tagann an bás chun fortachta don lánúin, nó cailltear an t-uncail sin go tobann. Ina dhiaidh sin, pósann an buachaill bocht agus an cailín saibhir. Anois, tá an buachaill ina shuí go te teolaí, ach, le cor eile a chur ina chinniúint, tagann an cailín dearóil ar ais ón imirce. Tá an bás ag cabhrú leis an ngrá arís, áfach, nó faigheann an cailín saibhir bás, agus ar ndóigh, fágann sí a maoin shaolta ag a fear céile, is é sin, an buachaill bocht. Ansin, tá cead aigesean an cailín dearóil a phósadh agus an chuid eile dá shaol a chaitheamh ina thoicí in éineacht lena chéadsearc. Is léir gur fantaisíocht miansásaimh atá ann, fantaisíocht den chineál is dual don gharrfhicsean.

Samplaí eile d'úrscéalta garrfhicseanúla iad Solus an Ghrádha (Solas an Ghrá) le Pádhraig Óg Ó Conaire agus Iascaire na gCiabhfholt Fionn le Mánas "Fionn" Mac Cumhaill, chomh maith le An Rábaire Bán le Nioclás Tóibín nó le An Dílí le hAindrias Ó Baoill. De ghnáth, bhí an Gúm breá sásta le hábhar den chineál seo, ar acht is go raibh an leabhar scríofa i nGaeilge mhaith. I gcás an Rábaire Bháin, ach go háirithe, moladh an teanga sholéite dhúchasach agus an scéal simplí díreach a bhí ann.

Is minic a deirtear go raibh Séamus Ó Grianna ag soláthar ficsean rómánsúil den chineál chéanna. Tá sé níos oiriúnaí a rá, áfach, gur bhain sé a chasadh féin as foirmle an úrscéil rómánsúil. Ina chuid úrscéalta, is dual don phríomhlánúin titim i ngrá le chéile i stíl an gharrfhicsin, ach ní bhláthaíonn an grá sin ar aon nós, toisc go scarann cogadh nó imirce an lánúin ó chéile.

Sraith de scéalta eachtraíochta a chuirfeadh an garrfhicsean i gcuimhne ort is ea na húrscéalta stairiúla a scríobh Seán Ó Mulláin sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Thug na húrscéalta seo cur síos ar shaol mhuintir Uí Riain agus ar an gcaidreamh a bhí acu leis na Gaill i mblianta na bPéindlíthe. Sna húrscéalta seo bíonn na himeachtaí ag dul ar aghaidh go sciobtha, agus na claimhte á mbeartú go gáifeach ag na laochra.

Cuireadh Gaeilge ar úrscéalta éadroma áirithe ón gcoigríoch a raibh blas an gharrfhicsin orthu. Sampla maith é Rafael Sabatini, a scríobh úrscéalta eachtránaíochta. D'aistrigh Pádraig Ó Súilleabháin an t-úrscéal úd Scaramouche (Scaramúis as Gaeilge), agus thit sé ar chrann Shéamuis Uí Ghrianna féin Gaeilge Uladh a chur ar Captain Blood (Caiftín Blood a rinne sé de, de réir a chanúna).[1]

Lenár linn féin, scríobh Maidhc Dainín Ó Sé ó Chiarraí roinnt úrscéalta éadroma a bhfuil blas an gharrfhicsin orthu - Dochtúir na bPiast, Greenhorn, agus Lilí Frainc, mar shampla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]