John Carter (Mars)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarJohn Carter

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar liteartha
duine ficseanúil
carachtar i scannán aicsin
carachtar i scannán eachtraíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agEdgar Rice Burroughs Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agAntonio Sabàto Jr. agus Taylor Kitsch Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharBarsoom, Synthetic Men of Mars, The Chessmen of Mars agus Swords of Mars Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathasaighdiúir, eachtránaí agus taoiseach cogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
BreithVirginia Cuir in eagar ar Wikidata, 1850í Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileDejah Thoris Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata

Is é John Carter príomhlaoch na n-úrscéalta éalúchais a scríobh an scríbhneoir Meiriceánach Edgar Rice Burroughs faoi Bharsoom, is é sin, Mars, mar a samhlaíodh dó féin é.

Duine as an ngnáth ab ea John Carter, nó cé go raibh sé ag ligean air, i dtús na n-úrscéalta, gur fear uasal ó Virginia a bhí ann, san am céanna bhí sé ina sheanfhear agus é chomh haosta is nár chuimhin leis a chéad óige a thuilleadh. A fhad siar is a rachadh a chuimhne, d'fheicfeadh sé é féin ina fhear fásta, agus é thart ar thríocha bliain d'aois, de réir mar a bhí sé ag breathnú. Mar sin féin, thugadh muintir Edgar Rice Burroughs (mar dhea) "Uncail Jack" air, agus é sásta bheith ina "uncail" do na rudaí beaga. Ní thugtar míniú don léitheoir, cad é mar a d'éirigh John Carter mór le "muintir Burroughs" i dtús báire.

Is gá a phointeáil amach nach raibh baint dá laghad ag an scríbhneoir leis an Deisceart ná le Virginia, cibé a áitíonn sé orainn ina chuid leabhar. B'as Siceagó dó féin. Ní raibh Burroughs ach ag baint leasa as an rómánsúlacht a shamhlaíodh lucht a chomhaimsire le "cúis chaillte" an Deiscirt. Ar ndóigh, ní raibh John Carter bunaithe ar aon duine de lucht gaoil Burroughs, ach an oiread. Ainm sách comónta é John Carter i dtíortha an Bhéarla, ach is sloinne é Carter a bhaineann leis na coilínitheoirí is sine i Virginia.

Bhí John Carter ina chaptaen in arm an Deiscirt i gCogadh Cathartha Mheiriceá, ach nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, fuair sé é féin ar an mblár fholamh, gan de mhaoin shaolta fágtha aige ach dollair Dheisceartacha nárbh fhiú a dhath a thuilleadh. Mar sin, chinn sé ar dhul ag cuardach óir i sléibhte Arizona in éineacht lena chara Powell. Tháinig na hApaisigh ar lorg na beirte acu, agus maraíodh Powell. Agus é faoi léigear ag na hApáitsigh, d'ardaigh Carter a shúile i dtreo Mharsa, agus rinne sé a bhealach tríd an spás ar bhealach domhínithe. Tháinig sé ar Mhars ina chraiceann dearg, agus b'éigean dó nósanna agus teanga an phláinéid nua a fhoghlaim go sciobtha.

Ar thús, bhí sé ina chónaí i measc an chine uaine. Cine brúidiúil cruálach ab ea iadsan, ach mar sin féin, d'éirigh sé cairdiúil le taoiseach dá gcuid siúd, mar atá, Tars Tarkas. Ina dhiaidh sin, fuair sé aithne ar bhanphrionsa an chine dheirg, Dejah Thoris, agus is iomaí uair a chaithfeadh sé teacht chun tarrthála dise, sula raibh sí sásta é a phósadh. Sa deireadh, socraíodh an cleamhnas mar sin féin, agus rugadh clann dóibh le chéile, - Carthoris, an mac, agus Tara, an iníon.

Mar sin féin, is iomaí eachtra a bhí i ndán do John Carter ina dhiaidh sin féin. Thar aon rud, chuir sé deireadh le reiligiún seanbhunaithe Mharsa, nuair a chuaigh sé ag saoradh Dejah Thoris as príosún na Therns Naofa, cine de dhaoine geala blagaideacha, a bhí ina gcosantóirí creidimh ar fud Mharsa. Nocht Carter do mhuintir Mharsa nach raibh sna Therns ach dream cruálach fealltach a bhaineadh a sult as na fíréin á gcaitheamh sna príosúin, á gcoinneáil i ndaorbhroid agus á marú go suarach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]