Edgar Rice Burroughs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edgar Rice Burroughs
E-R-Burroughs.jpg
Saol
Eolas breitheChicago, 1ú Meán Fómhair 1875
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásCalifornia, 19 Márta 1950
Áit adhlacthaTarzana
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
AthairGeorge Tyler Burroughs
MáthairMary Evaline Zieger
Céile/CéilíFlorence Gilbert  (1935 -  1941)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materPhillips Academy (en) Aistrigh
Michigan Military Academy (en) Aistrigh
TeangachaBéarla Meiriceánach
an Béarla
Gairm
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir próis, scríbhneoir litríocht pháistí agus scríbhneoir
Saothar iomráiteachBarsoom
Tarzan
Duaiseanna
Gluaiseacht ealaíneficsean eolaíochta
fantaisíocht
úrscéal eachtraíochta
planetary romance (en) Aistrigh
sword and planet (en) Aistrigh
scéalta buachaillí bó
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
IMDbnm0123194
edgarriceburroughs.com
Discogs ID2123807
Edgar Rice Burroughs signature.svg

Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Edgar Rice Burroughs a scríobhadh úrscéalta den chineál éadrom. Ó pheann Bhurroughs a tháinig an dá charachtar dodhearmadta, Tarzan, rí na n-ápaí agus tiarna na dufaire, agus John Carter, tiarna cogaidh Mharsa.

Saolaíodh Burroughs i Siceagó ar 1 Meán Fómhair 1875, agus bhásaigh sé in Encino (California) ar 19 Márta 1950.

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le fear gnó a bhí ann a chuaigh leis an tsaighdiúireacht mar ghléas beo ar dtús. Theip an tslí bheatha seo air, áfach, nó siúd is gur chaith sé seal ag staidéar in Acadamh Míleata Michigan, ní bhfuair sé cead isteach i scoil West Point. Mar sin féin, liostáil sé san Arm agus chuaigh sé ar fiannas sa tseachtú reisimint de mharcshlua na Stát Aontaithe in Arizona. D'éirigh sé as an tsaighdiúireacht sa bhliain 1897, áfach, ó tháinig sé chun solais go raibh fabht ina chroí nach ligfeadh dó coimisiún oifigigh a fháil.

Ina dhiaidh sin, choinníodh Burroughs bia leis féin ag spailpínteacht anseo agus ansiúd, agus ansin, chuaigh sé ag obair do ghnó a athara sa bhliain 1899. Phós sé Emma Centennia Hulbert sa chéad bhliain eile. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé le spailpínteacht arís, in Idaho agus arís sa bhaile i Siceagó.

Clúdach an leabhair Tarzan of the Apes.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Burroughs ag saothrú a choda ag díol biorthóirí peann luaidhe, nuair a thosaigh sé ag cumadh scéalta. Bhí sé thar a bheith míshásta leis na scéalta a léadh sé ar na hirisí garrfhicsin a raibh ráchairt na ndaoine orthu ag an am, roimh theacht na scannán agus na teilifíse, agus faoi dheireadh, chinn sé ar an scéalaíocht a mhúineadh dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre roimhesean.

Sa bhliain 1912, cuireadh an chéad sraithscéal óna pheann i gcló ar an iris All-Story. B'é sin Under the Moons of Mars, a foilsíodh mar leabhar ina dhiaidh sin faoin teideal The Princess of Mars. B'é seo an chéad scéal faoi John Carter.

Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Burroughs leis an scríbhneoireacht mar obair lánaimseartha, agus tháinig an chéad leabhar faoi Tarzan ar pár sa bhliain chéanna. B'é Tarzan ba mhó a thuill clú dó mar scríbhneoir, ach thairis sin, scríobh sé cuid mhór scéalta ficsin eolaíochta nach raibh baint acu le Tarzan ná le John Carter.

Tarzan[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é Tarzan an laoch ba cháiliúla a bhí ag Burroughs. Nuair a tuigeadh do Burroughs cé chomh tugtha a bhí na léitheoirí do Tarzan, d'fhéach sé le leas a bhaint as Tarzan ar gach aon bhealach, idir scannáin, ghreannáin (coimicí) agus deismireáin. D'iompaigh Tarzan ina bhrainse tionsclaíochta ann féin, agus is íocón cultúrtha é i gcónaí. Sa bhliain 1923, bhunaigh Burroughs a ghnólacht féin, Edgar Rice Burroughs, Inc., agus de réir a chéile, thosaigh sé ag foilsiú agus ag clóbhualadh a chuid leabhar féin.