Apáitsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Apaisigh)
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaApáitsigh

Cineálpobal bundúchasach agus grúpa eitneach
Na hApaisigh san ochtú haois déag, de réir na teanga nó na canúna a bhí á labhairt acu.

██ WA - Western Apache - Apáitsigh an Iarthair

██ N - Navajo - na Navachóigh

██ Ch - Chiricahua - leis an treibh seo a bhain Geronimo

██ M - Mescalero

██ J - Jicarilla

██ L - Lipan

██ Pl - Plains Apache - Apáitsigh na Machairí Móra, a bhí ag comhoibriú leis na Kiowa

Bundúchasaigh Mheiriceánacha is ea na hApáitsigh, agus cónaí orthu, ar dtús, in iardheisceart Arizona agus in iarthuaisceart Mheicsiceo. Labhraíonn siad teangacha a bhaineann le craobh dheisceartach na dteangacha Atabascacha. Tá an Navachóis gaolmhar leis na canúintí seo, agus d'fhéadfá a rá nach bhfuil ann ach ceann acu. Mar sin féin, is gnách ainm ar leith a thabhairt ar na Navachóigh.

Teanga na nApáitseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geronimo

Bhí canúint Apáitsise á labhairt ag ceann de na fothreibheanna a raibh an treibh Kiowa comhdhéanta astu. Níl gaol ar bith ag an Apáitsis leis an teanga Kiowa, áfach, nó is teanga den ghrúpa Kiowa-Tanoa í. An cineál Apáitsise - Apáitsis na Machairí Móra nó Plains Apache - a bhí á labhairt ag na daoine seo, tá sé ag foghlaim an bháis cheana, ach maireann canúintí eile á labhairt ag na fíor-Apáitsigh, nach bhfuil baint dá laghad acu leis an treibh Kiowa. Is iad na canúintí is tábhachtaí inniu ná an chanúint Mescalero, an chanúint Jicarilla agus an chanúint Iartharach, agus iad beo i gcónaí, siúd is gur teangacha neamhfhorleathana iad. Tá an chanúint Iartharach an-chosúil leis an Navachóis. Maidir leis an gcanúint Chiricahua, a bhí ó dhúchas ag Geronimo, tá sí faoi bhagairt mhór inniu, agus an chuma ar an scéal nach mbeidh mórán fágtha di i ndiaidh an chéad ghlúin eile. Tá an chanúint seo an-chóngarach don chanúint Mescalero. Tá an chanúint Lipan sna céadéaga freisin, agus í an-chosúil leis an gcanúint Jicarilla.

Ainm na nApáitseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-ainm atá ag na hApáitsigh orthu féin ina dteanga ná NdéNné. Níltear cinnte, cérbh as ar tháinig an t-ainm sin Apache, ach is féidir gur focal as an teanga Zuni é a chiallaíonn "namhaid". B'é an Spáinneach Juan de Oñate an chéad duine a scríobh síos an focal sin, thiar sa bhliain 1598.

Teacht na nApáitseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealraíonn sé nár tháinig na hApáitsigh is na Navachóigh - is é sin, na hAtabascaigh Dheisceartacha - go hIardheisceart na Stát Aontaithe (nach raibh ann mar stát ag an am sin, ar ndóigh) roimh an séú haois déag. Tháinig siad ansin faoin am céanna ar bhain na Spáinnigh an áit amach. Bhí cónaí orthu i bpubaill agus bíosún is ainmhithe móra eile á seilg acu. Madraí a bhíodh ag tarraingt a gcuid cleathainsí, agus sin é an tuige go dtugadh na Spáinnigh "fánaithe madraí" orthu.

Na Cogaí Apáitseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ábhar scéalaíochta ab ea é chomh cogúil is a bhí na hApáitsigh tráth, agus iad ag cur troda ar an gcine geal. Bhí taoisigh chlúiteacha acu, ar nós Geronimo (scríobh an t-údar Annraoi Ó Liatháin leabhar corraitheach faoi do dhéagóirí dar teideal "An Tíogar Daonna"), Mangas Coloradas, agus Cochise. Sa bhliain 1886, ghéill na hApáitsigh den treibh Chiricahua, an foghrúpa ar bhain Geronimo leis, ghéill siad iad féin d'Arm na Stát Aontaithe, agus tugadh go Florida agus go hAlabama iad, áit ar choinnigh an tArm i mbraighdeanas iad. B'iadsan an dream deireanach d'Apáitsigh a bhí ag troid an chine ghil, agus nuair a d'éirigh siad as, bhí na cogaí Apáitseacha thart. Inniu, tá cónaí ar na hApáitsigh dheireanacha i gcaomhnuithe in Arizona, Nua-Mheicsiceo, agus Oklahoma. Tá thart ar chúig nó sé mhíle acu ann.