Teangacha Atapascacha Deisceartacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Atapascacha Deisceartacha
Cineálfine teangacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
teangacha Na-Dene
teangacha Atapascacha-Eyak
teangacha Atapascacha
Cóid
ISO 639-2apa
ISO 639-5apa
Glottologapac1239
Linguist Listapac
IETFapa

Is foghrúpa de chuid na dteangacha Atapascacha iad na teangacha Atapascacha Deisceartacha nó na teangacha Apáitseacha, agus iad á labhairt in iardheisceart na Stát Aontaithe, i stáit Arizona, Nua-Mheicsiceo, Colorado agus Utah), chomh maith le grúpaí eile in Oklahoma agus i dTexas. Tá na teangacha seo ag na hApaisigh agus ag na Navachóigh. Le fírinne, is cuid den chontanóid chéanna canúintí iad an Apáitsis - nó na canúintí is na teangacha éagsúla a dtugtar Apáitsis orthu - agus an Navachóis, agus is deacair a rá, an bhfuil aon chúis eile ach cleachtas an Bhéarla ann leis an Navachóis a scaradh ó na teangacha Apáitseacha eile.

Tugann na hApáitsigh Iartharacha Nnee biyáti’Ndee biyáti’ ar a dteanga féin. Tugann na Navachóigh Diné bizaad ar a dteangasan. Níl sé deacair gaol na dteangacha a aithint ar an sampla seo.

An duine is cáiliúla a raibh teanga Atapascach Dheisceartach aige ná Geronimo (Goyaałé), a raibh an chanúint Chiricahua aige. Ceann de na canúintí Apáitsise atá ann.

Dealaítear na teangacha Atapascacha Deisceartacha ina dtrí fhochraobh, mar atá:

  • Apáitsis na Machairí Móra - níl ach aon teanga san fhochraobh seo, is é sin, Apáitsis na Machairí Móra, nó Apáitsis Kiowa. An dream a raibh an cineál seo Apáitsise acu, bhí siad ag fánaíocht timpeall na machairí móra in éineacht leis an treibh Kiowa, agus ghlactaí leo mar fhoghrúpa den treibh seo. An chuid eile den treibh, áfach, bhí siad ag labhairt na teanga Kiowa, ceann de na teangacha Kiowa-Tanoa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici leis an Apáitsis ná leis na teangacha Atapascacha.
  • An Apáitsis Thiar. Tá trí theanga san fhochraobh seo, mar atá, Apáitsis Chiricahua-Mescalero, an Navachóis, agus Apáitsis an Iarthair, nó Apáitsis Coyotero. Dhá chanúint éagsúla iad Apáitsis Chiricahua agus Apáitsis Mescalero, ach tá siad an-chosúil le chéile.
  • An Apáitsis Thoir. Aithnítear dhá theanga, nó dhá chanúint, san fhoghrúpa seo: Apáitsis Jicarilla agus Apáitsis Lipan.

Stádas na dTeangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is follasach gur teangacha neamhfhorleathana iad na teangacha Apáitseacha go léir inniu. Níl Apáitsis na Machairí Móra ó dhúchas ach ag cúpla duine. Tá Apáitsis Chiricahua-Mescalero ag trí chéad duine ó dhúchas, ach thairis sin, rinne an teangeolaí Harry Hoijer doiciméadú cuimsitheach uirthi sna tríochaidí atá ar fáil ar an Idirlíon[1].

Tá an Navachóis níos fearr as, nó tá sí á labhairt ag céad agus seachtó míle duine ar fad, ach mar sin féin, níl sé cinnte go mbeidh sí slán thar ghlúin eile. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhain Cabhlach Cogaidh na Stát Aontaithe leas as na Navachóigh le craolacháin mhíleata an chabhlaigh a chódú. Go simplí, b'í an Navachóis an cód, agus na cainteoirí dúchais á labhairt ar an raidió le chéile le teachtaireachtaí rúnda a sheachadadh. Níor thuig na Seapánaigh an teanga, agus mar sin, ní raibh siad in ann bun ná barr a dhéanamh de na teachtaireachtaí. Is léir gur chuir an fiúntas míleata seo le stádas na Navachóise ar feadh tamaill, ach inniu, táthar buartha faoin meath atá ag teacht ar an Navachóis mar theanga liteartha: tá líon na leabhar nuafhoilsithe ag dul i laghad, agus an Béarla ar an t-aon teanga amháin atá le feiceáil go poiblí i gcaomhnuithe na Navachóch[2].