An Navachóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Navachóis)
Infotaula de llenguaAn Navachóis
Diné bizaad agus Diné

Cineálteanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais169,369 (2011)
Á labhairtNáisiún na Navachóch
Dúchasach doArizona, Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Utah
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
teangacha Na-Dene
teangacha Atapascacha-Eyak
teangacha Atapascacha
teangacha Atapascacha Deisceartacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheNavajo Language Academy (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1nv
ISO 639-2nav
ISO 639-3nav
Glottolognava1243
Ethnologuenav
UNESCO784
IETFnv
Endangered languages6085

Is teanga Atapascach í an Navachóis (Diné bizaad a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin) a labhraíonn na Navachóigh (Diné) in iardheisceart na Stát Aontaithe. Go geografach agus go teangeolaíoch, is ceann de na teangacha Atapascacha Deisceartacha - nó na teangacha Apáitseacha - í (tá formhór na dteangacha Atapascacha á labhairt in iarthuaisceart Cheanada agus in Alasca).

Tá an Navachóis an-chosúil leis na teangacha nó na canúintí a labhraíonn na hApáitsigh. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil ann ach ceann acu. Is iad an chanúint Iartharach (nó Apáitsis Coyotero), an chanúint Chiricahua (a bhí ó dhúchas ag Geronimo) agus an chanúint Mescalero na cineálacha Apáitsise is cóngaraí don Navachóis. Is iad seo canúintí Iartharacha na hApáitsise - nó teangacha Iartharacha an fhoghrúpa Apáitsigh san fhine Atapascach, más fearr leat.

Tá na Navachóigh an-chosúil leis na hApáitsigh ó thaobh an chultúir de, leis. Déanta na fírinne, is é traidisiún an Bhéarla an t-aon chúis amháin le hiad a scaradh ó na hApáitsigh féin.

Tá níos mó cainteoirí ag an Navachóis ná ag aon teanga dhúchasach Mheiriceánach eile taobh thuaidh de theorainn na Stát Aontaithe agus Mheicsiceo, agus í ag breis is céad míle duine mar theanga dhúchais. Tá líon na gcainteoirí, fiú, ag dul in airde.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]