Jump to content

An Navachóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Navachóis
Diné bizaad agus Diné

Cineálteanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais169,369 (2011)
Dúchasach doArizona, Colorado, Nua-Mheicsiceo, Utah agus Náisiún na Navachóch
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Comhordanáidí37° N, 109° O / 37°N,109°W / 37; -109
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Mheiriceá Thuaidh
teangacha Na-Dene
teangacha Atapascacha-Eyak
teangacha Atapascacha
teangacha Atapascacha Deisceartacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Navajo Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheNavajo Language Academy (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1nv
ISO 639-2nav
ISO 639-3nav
Glottolognava1243
Ethnologuenav Cuir in eagar ar Wikidata
UNESCO784 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFnv Cuir in eagar ar Wikidata
Endangered languages6085 Cuir in eagar ar Wikidata

Is teanga Atapascach í an Navachóis (Diné bizaad a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin) a labhraíonn na Navachóigh (Diné) in iardheisceart na Stát Aontaithe. Go geografach agus go teangeolaíoch, is ceann de na teangacha Atapascacha Deisceartacha - nó na teangacha Apáitseacha - í (tá formhór na dteangacha Atapascacha á labhairt in iarthuaisceart Cheanada agus in Alasca).

Tá an Navachóis an-chosúil leis na teangacha nó na canúintí a labhraíonn na hApáitsigh. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil ann ach ceann acu. Is iad an chanúint Iartharach (nó Apáitsis Coyotero), an chanúint Chiricahua (a bhí ó dhúchas ag Geronimo) agus an chanúint Mescalero na cineálacha Apáitsise is cóngaraí don Navachóis. Is iad seo canúintí Iartharacha na hApáitsise - nó teangacha Iartharacha an fhoghrúpa Apáitsigh san fhine Atapascach, más fearr leat.

Tá na Navachóigh an-chosúil leis na hApáitsigh ó thaobh an chultúir de, leis. Déanta na fírinne, is é traidisiún an Bhéarla an t-aon chúis amháin le hiad a scaradh ó na hApáitsigh féin.

Tá níos mó cainteoirí ag an Navachóis ná ag aon teanga dhúchasach Mheiriceánach eile taobh thuaidh de theorainn na Stát Aontaithe agus Mheicsiceo, agus í ag breis is céad míle duine mar theanga dhúchais. Tá líon na gcainteoirí, fiú, ag dul in airde.

Is í moirfeolaíocht an bhriathair an chuid is deacra de ghramadach na Navachóise. Cruthaítear na briathra ó shraith réimíreanna, áit ar féidir réimír amháin nó níos mó a úsáid, agus téama briathartha, rud a thaispeánann aistreacht an bhriathair. [1] Is é seo a leanas ceann d'anailís struchtúr na Navachóise:

Réimír Lasmuigh Iolra Réimír Cúspóra Réimír Lastigh Réimír Ainmní Aicmitheoir Fréamh

Is gá leis an mbriathar (neamhaistreach) aicmitheoir, réimír ainmní, agus réimír aimsire ar a laghad, óna féidir gach cheann díobh a bheith ina neamhní.[2]

Tá seacht n-aimsir ag an gcuid is mó de bhriathra na Navachóise:[3]

Aimsir Ciall
Neamhfhoirfe Gníomh atá ar siúl i láthair, nó sa todhchaí láithreach uaireanta.
Fhoirfe Gníomh a bhí críochnaithe ag am seo caite.
Fháistineach Gníomh a bheidh sa todhchaí.
Ghnách Gníomh a déantar go rialta nó go hiondúil, ar nós "bíonn" i nGaeilge. Tá béim ar an mbéas atá sa ghníomh.
Atriallach Gníomh a bhíonn athdhéanta go minic, ina bhfuil béim curtha ar nádúr athfhillteach (.i. gan athrú) an ghnímh, i gcomparáid leis an aimsir ghnách. Chomh maith leis sin, is féidir a smaoineamh uirthi mar chodanna athdhéanta d'eachtra áirithe, in ionad an ghnáthaimh atá i gceist leis an aimsir ghnách. Úsáidtear í níos minice ná an aimsir ghnách.
Mhianúil Úsáidtear í in abairtí áirithe a bhfuil mian i gceist iontu.
Leanúnach Níl an aimsir seo ag cuid mhór de bhriathra na Navachóise. I mbriathra áirithe, úsáidtear í in áit na haimsire neamhfhoirfe, agus in mbriathra eile úsáidtear í chun béim a chur ar an dul chun cinn chuig a críoch.

Tá dhá bhealach sa Navachóis ina marcaítear an aimsir. Athraítear réimír an ainmní, ach athraítear fréamh an bhriathair uaireanta freisin. Mar shampla, don bhriathair -ghaal (buail le cleith):[3]

Aimsir Fréamh
Neamhfhoirfe -ghaał
Fhoirfe -ghaal
Fháistineach -ghał
Atriallach -ghał
Mhianúil -ghaał

Is iad sin na fréamhacha don ghné nóiméid, ceann amháin de na gnéithe atá ag briathra Navachóise. [3][Nóta 1] Is féidir cúig bhall déag a chur sna gnéithe ar a mhéad, mar gheall ar doiléire an téarma. Is féidir naoi díobh a chur go deifnídeach sa ghrúpa, gnéithe a bhfuil leaganacha réimíre agus fréimhe speisialta acu.

Rinne an teangeolaithe F. W. Hardy dealú eatarthu ina dhá ghrúpa, próisis agus eachtraí. (Rinne sé níos mó idirdhealaithe, bunaithe ar rudaí ar nós "dinimicis" chun gach uile bhall den ghrúpa a rangú.) Is iad próisis briathra a chuireann gníomhacha a bhaineann le gníomhaíochtaí leanúnacha in iúl, agus is iad eachtraí briathra a chuireann gníomhacha críochnaithe in iúl.[4]

Is iad na gnéithe nóiméid, casta, leanúnacha, dáileacháin, dochloíte, marthanacha, aon uaire, "s-athráiteacha", agus idirthréimhseacha. [Nóta 2]

I gcuntas gramadaí áirithe, tugtar an ainm "modh" d'aimsir an bhriathair. [5] Áfach, roinneann cuntais eile an dá ina gcatagóirí féin. [4] Nuair a chuirtear é ina chatagóir féin, Is brí leis an modh modh gramadaí, a léirítear le nathanna ilfhoclacha.

  1. I mBéarla, tugtar an ainm "momentaneous aspect" dí.
  2. I mBéarla, is iad na gnéithe "momentaneous, reversative, continuative, distributive, conclusive, durative, semelfactive, s-repetitive, and transitional"
  1. Eddington, D., & Lachler, J. (2006). A computational analysis of Navajo verb stems.
  2. Speas, P. (1982). Navajo verbal prefixes in current morphological theory.
  3. 1 2 3 Faltz, L. M. (1999). The structure of a lexicon: Navajo (and other) Verbs. I Western Conference On Linguistics (p. 129).
  4. 1 2 Hardy, F. W. (1979). Navajo aspectual verb stem variation. The University of New Mexico.
  5. Leonard M. Faltz (1998). "The Navajo verb: a grammar for students and scholars". Albuquerque: University of New Mexico Press.