Seamanachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmSeamanachas
Cineál fostaíochta
religious activity (en) Aistrigh


Is éard is seaman ann ná cineál draoi nó lia sí atá ag iarraidh dul i dteagmháil le spioraid le bheith ina nasc cumarsáide idir iadsan agus an cine daonna. Bíonn seamanachas á chleachtadh ag pobail bhundúchasacha i Meiriceá Theas, i dTuaisceart na Rúise agus i measc na nEiscimeach inniu féin. Creideann lucht leanúna an tseamanachais go bhfuil an seaman in ann maolú ar an bhfearg a bhíonn ar na spioraid leis na daoine agus gur féidir leis tinneas an choirp a leigheas trí chaoi cheart a chur ar an anam. Go ginearálta, tarraingíonn an seaman támhnéal air féin agus é ag caidreamh na spiorad a fhad is a fhanann sé faoi thámhnéal, dar leis féin. Is féidir leis drugaí siabhraigineacha a thógáil leis an támhnéal a spreagadh, ach is féidir leis é féin a thuirsiú ag damhsa freisin.

An focal féin seaman, tháinig sé ó na teangacha Tuircice. Bhí cleachtais sheamanacha coitianta go maith i measc lucht labhartha na dteangacha seo, go dtí go bhfuair an tIoslam an ceann ab fhearr ar an seamanachas.

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Quantum Men (Carlos Serrano Azcona) Spain 2011
  • Other Worlds (Jan Kounen) France 2004
  • Bells From the Deep (Werner Herzog) Germany 1993
  • The Mad Masters (Jean Rouch) France 1955
  • Au pays des mages noirs (Jean Rouch) France 1947

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]