Teangacha Tuircice
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 300,000,000 |
Tréithe | |
Staidéar ag | Tuirceolaíocht |
Cóid | |
ISO 639-5 | trk |
ISO 639-6 | tkic |
Glottolog | turk1311 |
ASCL | 43 |
Linguist List | turk |
IETF | trk |
Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Turcacha nó na teangacha Tuircice a labhraítear sa Mhion-Áise agus i Lár na hÁise. Tá teangacha Tuircice ó dhúchas ag 180 milliún duine.
Bhí an tuairim ag a lán teangeolaithe sna laethanta a bhí go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha Altaecha, agus d'áirigh siad na teangacha Tuircice agus éagsúlacht teangacha eile san Áise san fhine seo: na teangacha Mongólacha, an Chóiréis, an tSeapáinis, na teangacha Tungúsacha, ach go háirithe. Ní raibh siad ar aon fhocal faoi na teangacha go léir a d'aicmeofaí sa ghrúpa: d'fhágfadh duine acu an Chóiréis ar lár, d'fhágfadh an duine eile an tSeapáinis ar lár, agus mar sin de.
Inniu, ní bhíonn na teangeolaithe cinnte a thuilleadh, an féidir gaol a aithint idir na teangacha Tuircice agus na teangacha Mongólacha féin, cé go raibh an dá ghrúpa seo curtha san áireamh sa chuid is mó de na teoiricí Altaecha. Maidir leis na teangacha Tuircice féin, tá siad chomh gaolmhar le chéile is gur féidir leis an neamh-theangeolaí féin na cosúlachtaí a aithint.
Is iad na príomhthréithre is dual do na teangacha seo go léir ná comhcheol na ngutaí agus an táthú. Is éard atá i gceist le comhcheol na ngutaí ná go mbíonn gutaí den chineál chéanna (gutaí cúil nó gutaí tosaigh) le cloisteáil ar fud an fhocail go léir, agus caithfidh gutaí na n-iarmhíreanna a bheith ar aon chineál le gutaí an tamhain. Is é is brí leis an táthú, arís, go gcuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile leis na focail sna teangacha seo, agus ciall nó tasc ar leith ag dul le gach iarmhír. Mar shampla, sa Tuircis féin, deirtear
- çocuk-lar-ınız-ı: çocuk "páiste", -lar- (uimhir iolra), -ınız- "a gcuid", -ı (an tuiseal cuspóireach) "a gcuid páistí", "a gclann" (sa tuiseal cuspóireach, mar shampla "chonaic siad a gclann/a gcuid páistí"
- gülüş-ler-iniz-i: gülüş "gáire" -ler- (uimhir iolra), -iniz- "a gcuid", -i (an tuiseal cuspóireach) "a ngáirí" (sa tuiseal cuspóireach arís, mar shampla "chuala muid a ngáirí" nó "lig siad a ngáirí").
Tabhair faoi deara, anois, gurb ionann -lar- agus -ler-, mar shampla, ó thaobh an tasc de atá acu sa ghramadach: seasann an dá iarmhír seo don uimhir iolra, ach braitheann sé ar an gcineál gutaí atá i dtamhan an fhocail féin, cé acu leagan den iarmhír seo a úsáidtear. San fhocal çocuk, níl ach gutaí cúil ann, agus mar sin, cuirtear an leagan -lar- leis, ós guta cúil é [a], ach san fhocal gülüş, níl ach gutaí tosaigh ann, agus mar sin, is é an leagan -ler- a chuirtear leis.
Cuir sonrú sa litir aisteach sin ı. Fuaimnítear í cosúil leis an gcomhcheangal litreach úd /ao/ sa Ghaeilge, is é sin, mar ghuta cúil a fhreagraíonn don ghuta tosaigh "i". Sa Tuircis, tá sé riachtanach an dá chineál "i" a aithint thar a chéile, agus mar sin, is comharthaí do ghutaí difriúla iad an t-i gan ponc (I ı) agus an t-i faoi phonc (İ i). Anois, agus na teangacha Tuircice iar-Shóivéadacha ag éirí as an aibítir Choireallach, is minic a bhaineann siad úsáid as an nós céanna le difríocht an dá ghuta seo a chur in iúl.
Is iad na teangacha Tuircice is tábhachtaí ná:
- an foghrúpa Oguz, nó Tuircic an Iar-Dheiscirt: an Tuircis, an Asarbaiseáinis, an Ghagásais (teangacha Oguz an Iarthair); an Tuircméinis agus Tuircic Khorasan san Iaráin (teangacha Oguz an Oirthir); an teanga Afshar agus a lán teangacha nó canúintí eile a labhraítear san Iaráin, cosúil leis an teanga Qashqa'i agus an teanga Aynullu.
- an foghrúpa Kipchak, nó Tuircic an Iar-Thuaiscirt: Tatairis na Crimé; an Tatairis sa chiall chúng (is é sin, Tatairis na Tatarstáine); an Chasaicis, an Chirgis, an Characalpaicis.
- Tuircic an Oir-Dheiscirt: an Úisbéiceastáinis, an teanga Uyghur agus roinnt mionteangacha.
- Tuircic an Oir-Thuaiscirt, nó Tuircic na Sibéire: is iad an teanga Sacha, nó an Iacúitis, an Altaeis agus an Túvais na teangacha is tábhachtaí sa ghrúpa seo.
- an foghrúpa Oghur. Is í an tSuvaisis an t-aon teanga amháin den chineál seo a labhraítear inniu. An chuid is mó de na teangacha Tuircice eile, bíonn siad réasúnta intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is teanga ar leith í an tSuvaisis, nó ní bhíonn cainteoirí na dteangacha Tuircice eile ábalta mórán adhmaid a bhaint as caint Suvaisise.
- an teanga Khalaj, a labhraítear san Iaráin agus san Afganastáin. Níl sí ó dhúchas ach ag corradh is dhá scór míle duine. Murab ionann agus an tSuvaisis, tá an teanga Khalaj sách intuigthe ag cainteoirí na dteangacha Tuircice eile sa timpeallacht.
Foclóir na dteangacha Tuircice: tábla comparáideach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sean-Tuircic | Tuircis | Asarbaiseáinis | Tuircméinis | Tatairis | Casaicis | Cirgis | Úisbéiceastáinis | An teanga Uyghur | Iacúitis | Suvaisis | ||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Daoine | Athair, sinsear | Ata | Ata | Ata | Ata | Ata | Ata | Ata | Ota | Ata; | ||
Máthair | Ana | Anne | Ana | Ene | Ana | Ana | Ene | Ona | Ana | An'n | ||
Mac | O'gul | Oğul | Oğul | Oğul | (O'g)ul | Ul | Uul | O'gil | Oghul | Uol | Yvul | |
Fear | Er(kek) | Erkek/Adam | Kişi | Erkek | Ir | Er/Erkek | Erkek | Erkak | Er | Er | Ar | |
Cailín, girseach | Kyz | Kız | Qız | Gyz | Kız | Qız | Kız | Qiz | Qiz | Ky:s | Xe'r | |
Duine | Kiši | Kişi | Adam | Kişi | Keše | Kisi | Kishi | Kishi | Kishi | Kihi | ||
Brídeog | Kelin | Gelin | Gəlin | Geli:n | Kilen | Kelin | Kelin | Kelin | Kelin | Kylyn | Kilen | |
Máthair chéile | Kaynana | Qaynana | Gayın ene | Kayınana | Qayın ene | Kaynene | Qayın ona | Qeyinana | ||||
Codanna na colainne | Croí | Jürek | Yürek | Ürək | Ýürek | Yorak | Jürek | Jürök | Yurak | Yürek | Süreq | |
Fuil | Qan | Kan | Qan | Ga:n | Kan | Qan | Kan | Qon | Qan | Qa:n | Jon | |
Ceann, cloigeann | Baš | Baş | Baş | Baş | Baš | Bas | Bash | Bosh | Baş | Bas | Puš | |
Folt gruaige | Qıl | Tüy/Kıl | Tük/Qıl | Qyl | Kıl | Qıl | Kıl | Tuk | Qil | Kıl | Xe'le'r | |
Súil | Köz | Göz | Göz | Göz | Küz | Köz | Köz | Ko'z | Köz | Kos | Kör | |
Fabhra | Kirpik | Kirpik | Kiprik | Kirpik | Kerfek | Kirpik | Kirpik | Kiprik | Kirpik | Kirbi: | Xurbuk | |
Cluais | Qulqaq | Kulak | Qulaq | Gulak | Kolak | Qulaq | Kulak | Quloq | Qulaq | Gulka:k | Xo'lga | |
Srón, gaosán | Burun | Burun | Burun | Burun | Boryn | Murın | Murun | Burun | Burun | Murun | ||
Lámh (ón ngualainn síos, arm an Bhéarla) | Qol | Kol | Qol | Gol | Kul | Qol | Kol | Qo'l | Qol | Xol | ||
Lámh (ó chaol na láimhe síos, hand an Bhéarla) | El(ig) | El | Əl | El | Alaqan | Alakan | Qol | Ili: | Ala' | |||
Méar | Barmak | Parmak | Barmaq | Barmak | Barmak | Barmaq | Barmak | Barmoq | Barmaq | |||
Ionga | Tyrnaq | Tırnak | Dırnaq | Dyrnaq | Tyrnak | Tırnaq | Tırnak | Tirnoq | Tirnaq | Tynyraq | ||
Glúin | Tiz | Diz | Diz | Dy:z | Tez | Tize | Tize | Tizza | Tiz | Tüsäχ | ||
Colpa, pluc na coise | Baltyr | Baldır | Baldır | Baldyr | Baltyr | Baldır | Baldır | Boldyr | Baldir | Ballyr | ||
Cos | Adaq | Ayak | Ayaq | Aýaq | Ajak | Ayaq | Ayak | Oyoq | Ayaq | Ataq | ||
Bolg | Qaryn | Karın | Qarın | Garyn | Qaryn | Qarın | Karın | Qorin | Qerin | Qaryn | Xyra'm | |
Ainmhithe | Capall | At | At | At | At | At | At | At | Ot | At | At | Ut |
Eallach, beostoc | Siyir | Sığır/Mal | Mal-qara | Sygyr | Sıyer | Sïır | Sıyır
(i gcanúint an deiscirt) |
Sigir | Siyir | |||
Madra | Yt | İt | İt | It | Et | Ït | It | It | It | Yt | Jyda | |
Iasc | Balyq | Balık | Balıq | Balyk | Balyq | Balıq | Balık | Baliq | Beliq | Balyk | Pola' | |
Dreancaid | Bit | Bit | Bit | Bit | Bet | Bït | Bit | Bit | Pit | Byt | Pyjda | |
Ainmfhocail eile | Teach | Ev | Ev | Ev | Öý | Öy | Üy | Üy | Uy | Öy | Av | |
Puball | Otag | Otağ/Çadır | Çadır | Otaq/Chadyr | Otaw | Çatır | Otoq/Chodir | Otaq | Otu: | |||
Bealach, bóthar | Yol | Yol | Yol | Yo:l | Yul | Jol | Jol | Yo'l | Yol | Suol | Sol | |
Droichead | Köprüq | Köprü | Körpü | Köpri | Küpar | Köpir | Köpürö | Ko'prik | Kövrük | Kürpe | ||
Saighead | Oq | Ok | Ox | Ok | Uk | Oq | Ok | O'q | Oq | Oχ | Ugu | |
Tine | Ot | Od | Od | Ot | Ut | Ot | Ot | O't | Ot | Uot | Vot | |
Luaith | Kül | Kül | Kül | Kül | Köl | Kül | Kül | Kul | Kül | Kül | Kö'l | |
Uisce | Suv | Su | Su | Suw | Syw | Sw | Suu | Suv | Su | Ui | Syv | |
Long | Kemi | Gemi | Gəmi | Gämi | Kimä | Keme | Keme | Kema | keme | Kim | ||
Loch | Köl | Göl | Göl | Köl | Kül | Köl | Köl | Ko'l | Köl | Küöl | ||
Grian/Lá | Küneš | Güneş/Gün | Günəş/Gün | Gün | Kojaš | Kün | Kün | Quyosh/Kun | Kün | Kün | Xövel | |
Scamall | Bulut | Bulut | Bulud | Bulut | Bolyt | Bult | Bulut | Bulut | Bulut | Bylyt | Pelet | |
Réalta | Yulduz | Yıldız | Ulduz | Ýyldyz | Yoldyz | Juldız | Jıldız | Yulduz | Yultuz | Sulus | Soldor | |
Talamh | Topraq | Toprak | Torpaq | Toprak | Tufrak | Topıraq | Topurak | Tuproq | Tupraq | Toburaχ | To'pra | |
Mullach (an chnoic) | Töpü | Tepe | Təpə | Depe | Tübä | Töbe | Töbö | Tepa | Töpe | Töbö | Tübe' | |
Crann | Yağac | Ağaç | Ağac | Agaç | Agaç | Ağaş | Darak | Daraht | Dereh | |||
Dia | Tenri | Tanrı | Tanrı | Taňry | Täñiri | Teñir | Tangri | Tengri | Tanara | Tura | ||
Spéir | Kök | Gök | Göy | Gök | Kük | Kök | Kök | Ko'k | Kök | Küöq | Kovak | |
Aidiachtaí | Fada | Uzun | Uzun | Uzun | Uzyn | Ozyn | Uzın | Uzun | Uzun | Uzun | Uhun | Vorom |
Nua | Yany | Yeni | Yeni | Yany | Yana | Jaña | Jañı | Yangi | Yengi | Sana | Sene | |
Ramhar | Semiz | Semiz | Kök/Piyli | Semiz | Simyz | Semiz | Semiz | Semiz | Semiz | Emis | Samar | |
Lán | Tolu | Dolu | Dolu | Do:ly | Tuly | Tolı | Tolo | To'la | Toluq | Toloru | Tolli | |
Bán | Aq | Ak | Ağ | Ak | Ak | Aq | Ak | Oq | Aq | |||
Dubh | Qara | Kara | Qara | Gara | Kara | Qara | Kara | Qora | Qara | Xara | Xora | |
Dearg | Qyzyl | Kızıl | Qızıl | Gyzyl | Kyzyl | Qızıl | Kızıl | Qizil | Qizil | Kyhyl | Xerle | |
Uimhreacha | Aon | Bir | Bir | Bir | Bir | Ber | Bir | Bir | Bir | Bir | Bi:r | Perre |
Dó | Eki | İki | İki | Iki | İke | Eki | Eki | Ikki | Ikki | Ikki | Ikke' | |
Ceathair | Tört | Dört | Dörd | Dö:rt | Dürt | Tört | Tört | To'rt | Töt | Tüört | ||
Seacht | Yeti | Yedi | Yeddi | Yedi | Yide | Jeti | Jeti | Yetti | Yättä | Sette | ||
Deich | On | On | On | O:n | U | On | On | O'n | On | Uon | Vonu | |
Céad | Yüz | Yüz | Yüz | Yü:z | Yüz | Jüz | Jüz | Yuz | Yüz | Sü:s | Ser | |
Sean-Tuircic | Tuircis | Asarbaiseáinis | Tuircméinis | Tatairis | Casaicis | Cirgis | Úisbéiceastáinis | Uyghur | Iacúitis | Suvaisis |