Maidhc Dainín Ó Sé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Maidhc Dainín Ó Sé
Dáta breithe 1942
  Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí
Dáta báis 2013
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Scríbhneoir, ceoltóir, tiománaí, srl
Seánra Úrscéalta, gearrscéalta, dírbheathaisnéisí, srl

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge agus ceoltóir Gaelach ó Chiarraí ab ea Maidhc Dainín Ó Sé. Saolaíodh i gCarrachán sa bhliain 1942 é. Chaith sé na blianta fada ag obair sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ach d'fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1969. Bhreac sé síos a chuid cuimhní cinn ó na blianta sin sa leabhar úd A Thig ná Tit Orm. Thairis sin, tá roinnt úrscéalta éadroma scríofa aige, go háirithe Dochtúir na bPiast, Greenhorn, Lilí Frainc, Tae le Tae, agus Idir Dhá Lios. D'fhoilsigh sé Corcán na dTrí gCos freisin, ina bhfuil trí ghearrscéal barrúil foilsithe faoi aon chlúdach. Bíonn a shaoltaithí Mheiriceánach le haithint ar a chuid leabhar go minic, agus iad an-chosúil le scannáin de dhéantús Hollywood, idir dhrámatúlacht, chraiceann, agus fhoréigean. Canúint sách crua a bhíonn á scríobh aige, agus é beag beann ar an ngramadach chaighdeánach, ach baineann bríomhaireacht agus beogacht lena chuid scríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin féin, ní lón léitheoireachta do na páistí an chuid is mó acu, agus an oiread foréigin agus craicinn a bhíonn iontu.

Bhí clú is cáil ar Mhaidhc Dainín mar cheoltóir freisin. Ba é an bosca ceoil - an cairdín, mar a deirtear i gConamara - an ionstraim ba rogha leis.

Fuair sé bás go tobann i Mí na Lúnasa i 2013 i gCilchuain i gCo. Chiarraí.

Leabhair le Maidhc Dainín[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Thig ná Tit orm: Is éard atá sa leabhar seo ná cuimhní cinn Mhaidhc Dainín óna chéad óige i gCiarraí, chomh maith leis an imirce a rinne sé go Meiriceá agus na blianta a chaith sé thall ansin.
  • Chicago Driver: Tá imeachtaí an úrscéil seo suite sna Stáit Aontaithe i mblianta an Spealta Mhóir.
  • Corcán na dTrí gCos: Trí ghearrscéal atá anseo, agus iad suite i gCiarraí. Tá neart aicsin ann, nó i gceann de na scéalta tá muintir na Gaeltachta ag dul i ngleic le díoltóirí drugaí, agus na spiairí Rúiseacha ag iarraidh a n-úsáid féin a bhaint as cladaí Chiarraí i gceann eile de na scéalta. Scríbhneoireacht éadrom atá i gceist anseo, idir ghreann agus aicsean, agus is iomaí foghlaimeoir a bhain an-sult as an leabhar seo agus é díreach ag fáil tuisceana ar an teanga.
  • Dochtúir na bPiast: Úrscéal brúidiúil bleachtaireachta é seo.
  • Greenhorn: Tá an ceann seo suite i saol an choirpeachais eagraithe thall i Meiriceá, agus an teanga breac le hiasachtaí Béarla. Tugann an t-úrscéal cur síos ar dhúchinniúint an Éireannaigh óig sna Stáit Aontaithe a d'éirigh róchairdiúil le lucht Mafia.
  • Idir Dhá Lios: An chéad chuid den tsraith fantaisíochta ina bpléitear eachtraí an dá shíog úd Nuadha agus Breoghan.
  • Is Glas iad na Cnoic
  • Lilí Frainc: Úrscéal dorcha brúidiúil faoi dhíoltas atá anseo.
  • Madraí na nOcht gCos
  • Mair a Chapaill
  • Mura mBuafam - Suathfam. Seo an dara cuid de chuimhní cinn Mhaidhc Dainín. Caitheann an scríbhneoir súil siar ar a shaol in Éirinn i ndiaidh dó filleadh anall. Tá cur síos greannmhar anseo ar an dóigh a ndearnadh an scannán úd Ryan's Daughter i gCiarraí.
  • Nuadha agus Breoghan ar Neamh. Cuireann an t-úrscéal seo tuilleadh leis na himeachtaí a thosaigh sa leabhar Idir Dhá Lios.
  • Tae le Tae. Seo scéal grá agus é suite i nGaeltacht Chiarraí i lár na fichiú haoise, nuair a bhí sé coitianta go fóill cleamhnais a dhéanamh do na cailíní.

Dlúthdhioscaí le ceoltóireacht Mhaidhc Dainín[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Chicago go Carrachán. CICD 36. Cló Iar-Chonnachta.
  • Ó Thuaidh - Traditional Song and Music from West Kerry

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]