Dáithí Ó Sé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáithí Ó Sé
Beathaisnéis
Breith2 Meitheamh 1976
47 bliana d'aois
Daingean Uí Chúis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire gan Smál Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1999 –

Twitter: daithi_ose Musicbrainz: 13525dfa-ebcc-4cc9-ac6d-ed7b64d51256 Discogs: 4243890 Cuir in eagar ar Wikidata

Is craoltóir teilifíse agus raidió Éireannach é Dáithí Ó Sé. Faoi láthair, tá sé ina láithreoir ar an gcomórtas Rose of Tralee agus is láithreoir é agus Maura Derrane ar The Today Show ar RTÉ[1]. Ó 2018, tá clár aige ar TG4 darb ainm Seal le Dáithí[2]'. Is cainteoir dúchais Gaeilge é Dáithí.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dáithí Ó Sé ar an bhFeothanach, sráidbhaile beag i gCorca Dhuibhne i gcontae Chiarraí, ar an dara lá de Mheitheamh 1976. Tá ceathrar deirfiúr agus deartháir aige: Caoimhín, Deirdre, Dónall agus Máire Áine.[3] Ba é Maidhc Dainín Ó Sé athair Dáithí, agus ba í Kathleen (Caitlín) Nic Gearailt a mháthair. Bhí Maidhc agus Caitlín ina gcónaí i Chicago ó 1959 go dtí 1969, nuair a d'fhill siad ar ais go hÉirinn. Bhí Maidhc ina scríbhneoir agus ina cheoltóir; tá roinnt saothar foilsithe aige cosúil le Corcán na dTrí gCos. Is dócha go raibh an Ghaeilge curtha go mór i bhfeidhm i saol Dháithí fada is a bhí sé ag fás aníos.

D'fhreastail Dáithí ar an mbunscoil áitiúil agus ansin ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí[4], áit ar fhreastal Dara Ó Briain freisin. Nuair a chríochnaigh sé sa scoil, lean sé ar aghaidh ag staidéar i gColáiste Mhuire gan Smál, agus bhain sé amach céim BA sa Stair agus sa Ghaeilge.

Gairm Dháithí roimh na meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt post ag Dáithí sular thosaigh sé ag obair le TG4. Bhí sé ina bhúistéara nuair a bhí sé ar scoil, agus bhí sé ina dhoirseoir slándála. Bhí post aige mar thiománaí ar bhád farantóireachta timpeall na mBlascaodaí i gCiarraí. Bhí an-bhaint ag teaghlach Dáithí leis an bhfarraige; bhí a sheanathair Dainín Dan Ó Sé ina iascaire. Bhí Dáithí ina mháistir sorcais i Duffy’s Circus freisin. Chaith sé ceithre bliana leis an sorcas; thosaigh sé ann nuair a fuair sé glaoch ó ghrúpa a bhí ag cur na Gaeilge chun cinn, ag iarraidh air le dul isteach sa sorcas toisc go raibh siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge a thabhairt isteach sa léiriú sorcais. Ba é an chéad seó sorcais as Gaeilge.[5] Chuaigh siad ar camchuairt timpeall na hÉireann taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta. Dúirt sé in agallamh gur bhain sé an-sult as a chuid ama sna sorcais agus bhí sé an-ghreannmhar.[6] Labhair sé faoi conas a bhí gach lá sa sorcas éagsúil. Bhí Dáithí Ó Sé ag obair go páirtaimseartha le TG4 nuair a bhí sé ag múineadh, dar le Dáithí bhain sé taitneamh as gach lá a raibh sé a mhúineadh ach bhí fonn air obair ar feadh TG4 nuair a cuireadh ceist air toisc go raibh sé fiosrach faoi.[7] Ba dheis iontach é an post seo i gcomhair Gaeilgeora cosúil le Dáithí.

Gairm sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Dáithí Ó Sé mar chuid lárnach de theilifís trí Ghaeilge in Éirinn. Thosaigh Dáithí ag obair le TG4, stáisiún náisiúnta na Gaeilge in Éirinn, i 1999.

Tá Dáithí Ó Sé ag obair i TG4 ó 1999

Bhí sé ag obair go páirtaimseartha mar fhear na haimsire agus mar láithreoir leanúnachais ag an bpointe seo, ach faoi 2001, bhí conradh lánaimseartha faighte aige. In 2002, ghlac sé páirt sa chlár ‘Féilte’ ar TG4[8]. Bhí an clár seo bunaithe ar deich bhféile samhraidh agus dhá cheann speisialta ag an Nollag a bhí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus i mBostún. Freisin i 2002 bhí Dáithí páirteach i nGradam Ceoil TG4 a bhí ar siúl i gceoláras Ollscoil Luimnigh. Bhí sé mar láithreoir ar an oíche agus bhí thart ar 1,000 duine ann mar lucht féachana[9].

I 2003, lean Dáithí ar aghaidh leis an tsraith 'Féilte' agus bhí sé mar láithreoir ar an chlár Cleamhnas[10], ina ndeachaigh rannpháirtithe ar choinne chéadaithne lena chéile. Bhí Dáithí páirteach sa chlár ar feadh sraith amháin (13 clár). Lean Dáithí ar aghaidh ag obair le TG4 agus ag léiriú don stáisiúin ar roinnt clár cosúil le 'Coinne Le' — seó cainte a raibh ar siúl oíche Sathairn de ghnáth. I rith na mblianta seo freisin rinne sé tuairisciú ar Rásaí na Gaillimhe i gcomhair TG4 i 2004 agus 2005[4].

I 2006, thosaigh Dáithí ag obair ar an chlár Glór Tíre ar TG4. Clár teilifíse réaltachta a bhí ann, ag lorg an amhránaí is fearr sa seánra ceol tuaithe.[11] Craoladh an clár seo den chéad uair in 2003.

Bhí an-ráchairt ar 'Dáithí ar Route 66' a craoladh ar TG4 i 2007.

Anuas ar a chuid oibre ar TG4, thosaigh Dáithí Ó Sé ag teacht ar an bhfód ar RTÉ. In 2006, bhí sé mar iomaitheoir ar an chlár You're A Star a bhí curtha ar siúl chun airgead a bhailiú ar son carthanachta. Roghnaigh Ó Sé an charthanacht Make a Wish. In 2007, bhí Dáithí ar ais ar RTÉ mar iomaitheoir ar an chlár Celebrities Go Wild. Sa chlár seo bhí roinnt daoine cáiliúla i gConamara ag déanamh iarracht maireachtáil faoin tuath. Ghlac ochtar páirt ann, Michelle de Bruin agus Micheal Healy Rae ina measc.[12]. I Meán Fómhair 2007, bhí Dáithí curtha as an chomórtas toisc nach bhfuair sé go leor vótaí ón phobal[13].

Tar éis na heachtraí seo ar RTÉ, bhí níos mó clú agus cáil ar Dháithí agus tháinig níos mó deiseanna chun tosaigh dó. Aithníonn Dáithí go raibh TG4 mar cloch chora dó i dtaobh feabhas a chur ar a ghairm sna meáin. Thug TG4 taithí iontach dó agus tá sé an-bhuíoch den stáisiún as sin[14]. Thug TG4 an deis do Dháithí roinnt taistil a dhéanamh chomh maith. Bhí sé ina láithreoir ar an chlár Route 66 le Dáithí in 2007, tar éis Celebrities go Wild, agus d'imigh sé ar turas trí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thosaigh sé i Chicago agus thiomáin sé é féin agus an fhoireann a bhí leis go dtí California. Dar le Dáithí, ba é ceann de na rudaí is fearr a rinne sé riamh[15]. Tar éis Dáithí ar Route 66, in 2008, tháinig Dáithí ar Highway 61 amach. Sa chlár seo, chuir sé agallamh ar dhaoine cosúil le Buddy Guy, Chuck Berry, Percy Sledge, Ben E. King agus Paul Simon. Deirtear gurb é 'Highway 61' an mórbhealach de cheol 'blues'.

Tháinig an-rath ar na sraitheanna a bhí bunaithe i Meiriceá agus i 2009 craoladh an clár Dáithí ar toir agus sa chlár seo bhí Ó Sé ag leanúint saol d'amhránaí a bhfuil clú agus cáil orthu i gcomhair a cheol tíre cosúil le Dolly Parton agus Johnny Cash. Bhí an seans aige na réaltaí Kenny Rodgers agus Merle Haggard a chur faoi agallamh[4]. D'éirigh leis an gclár seo cosúil le Dáithí ar Route 66 agus Dáithí ar Highway 61. Lean Dáithí ar aghaidh in 2009 le RTÉ agus bhí sé ina mholtóir ar an All-Ireland Talent Show.[16] Bhí Dáithí go mór i mbéal an phobail nuair a thosaigh sé mar láithreoir ag an Rose of Tralee.

Dáithí Ó Sé agus an Rose of Tralee[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Dáithí mar óstach ar an chomórtas ó 2010.

Bhí Dáithí an-pháirteach sa chomórtas bliantúil i dTrá Lí fiú sula raibh sé mar láithreoir air. Bhí sé mar chuid den phainéal moltóireachta i gcomhair na féile réigiúnaí den Rose of Tralee in 2005 agus 2006. In 2008, bhí sé ina chathaoirleach ar an bpainéal moltóireachta don cheiliúradh caoga bliain den Rose of Tralee idirnáisiúnta. In 2010, fógraíodh go mbeadh Dáithí Ó Sé ina óstach ar an gcomórtas Rose of Tralee agus thosaigh Dáithí an bhliain sin [17]. Ba é an chéad fhear as Ciarraí chun a bheith ina láithreoir ar an chomórtas. Bhí Ray D'Arcy mar óstach ar an chomórtas roimh Dháithí idir 2004 agus 2009. De ghnáth, bíonn ar Dháithí an comórtas a chosaint mar bíonn tuairimí conspóideacha ag an phobal faoin fhéile agus ceaptar gur rud seanfhaiseanta é, ach de réir Dáithí tá sé forásach [18]. Dar le Dáithí, bíonn a lán pleanála curtha isteach roimh an chomórtas agus bíonn sé ag tnúth le bualadh leis na mná sa chomórtas[19].

Dáithí Ó Sé agus an Today Show ar RTÉ[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhog Dáithí ó TG4 go dtí RTÉ in 2010. In 2012, ceapadh é ina láithreoir ar an gclár laethúil Today le Maura agus Dáithí[20]. Tá an clár fós ag rith go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn sé ar siúl ag 3:30 san iarnóin ón Luan go hAoine ar RTÉ1. Craoltar an clár ó chontae Chorcaí[21]. Tá rath leanúnach ag baint leis an gclár seo toisc go bhfuil sé á chraoladh go leanúnach ó 2012. Tá Maura Derrane mar chomhláithreoir leis. Bíonn aíonna ar an chlár agus de ghnáth bíonn cúrsaí nós maireachtála á bplé ar an chlár.

Dáithí agus an Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtaobh na Gaeilge de, is pearsa mhór i bpobal na Gaeilge é Dáithí. Cinnte, tá seo le feiscint trína ghairm i TG4 agus in 2018, thosaigh sé seó cainte darb ainm Seal le Dáithí. Labhraíonn Dáithí amach faoin Ghaeilge go minic. In 2013, d'aontaigh sé le bean a bhí curtha amach as tacsaí in Albain tar éis í a bheith ag labhairt as Gaeilge lena col ceathair nuair a bhí sí i suíochán cúil an chairr. Dúirt sé go raibh lán ceart ag na mná Gaeilge a labhairt nuair a bhí siad i láthair an tiománaí tacsaí. Dúirt sé go raibh an tiománaí aineolach agus dúirt sé go mbíonn sé go minic ag labhairt as Gaeilge, ní amháin sa bhaile ach i dtíortha eile freisin[22]. Tá Dáithí ag iarraidh an teanga a chur chun cinn; tá sé ag labhairt na Gaeilge ónar rugadh é. Cuireann sé béim ar an gá le labhairt na Gaeilge agus níl mórán úsáid as an scríobh nó as foghlaim filíochta mar a dhéantar ar scoil. Aontaíonn sé go bhfuil sé go hálainn ach go réalaíoch ní chuidíonn sé leis an teanga labhartha. Creideann sé gur chóir an bhéaltriail amháin a úsáid mar an t-aon scrúdú Gaeilge i gcomhair na hArdteistiméireachta [23].

Gheall Dáithí in 2013 go bhfoilseodh sé ábhar go rialta san irisleabhar Foinse[24]. Tá roinnt oibre déanta ag Dáithí chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá sé soiléir go bhfuil grá ollmhór aige ar an teanga.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cónaí ar Dháithí i nGaillimh faoi láthair [25]. Phós sé a bhean chéile Rita Talty i nDaingean in 2012. Bhuail an bheirt lena chéile in 2008 i dTrá Lí, nuair a ghlac Rita páirt sa gcomórtas Rose of Tralee mar ionadaí stát New Jersey. Bhí gúna dearg á chaitheamh aici nuair a chonaic Dáithí í den chéad uair[26]. Bhí an bheirt mar chairde ar feadh tamaill sular thosaigh siad ag siúl amach lena chéile. Dúirt Dáithí nár shiúil sé amach riamh le cailín ón chomórtas roimh Rita[27]. Tá mac amháin ag Dáithí agus Rita: Micheál Óg. Rugadh Micheál Óg ar Lá Fhéile Pádraig in 2012[28].

Taitníonn an chócaireacht go mór le Dáithí, de bharr go mbíonn sé ag obair agus ag taisteal go minic, agus mar sin ní bhíonn am aige a bhéilí féin a dhéanamh agus bíonn air ithe amach go minic[29]. Bhí Dáithí ag postáil oidis anuas ar shuíomh RTÉ i gcomhair cácaí agus roinnt mias le hiasc [30]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Today Show" (as Béarla) (2017-10-18). 
  2. "Seal Le Dáithí, 7:30pm on TG4" (en). tv24.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-04.
  3. Maidhc Dainín Ó Sé (1995). "". A Thig Ná Tit Orm (Céad). 
  4. 4.0 4.1 4.2 daithiose.com (12/02/2020). "About Dáithí".
  5. "Irish language circus coming to Swords" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  6. Wednesday, July 31, 2013 (2013-07-31). "Dáithí recalls days as a circus ringmaster" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-12.
  7. "This Much I Know: Dáithí Ó Sé, broadcaster and television presenter" (en). www.irishexaminer.com (2019-12-02). Dáta rochtana: 2020-02-12.
  8. Dáithí Ó Sé (12/02/2020). "LinkedIn Dáithí Ó Sé". Dáta rochtana: 12/02/2020.
  9. "Irish Film and Television Awards". www.ifta.ie. Dáta rochtana: 2020-02-12.
  10. "The Kingdom: Mícheál goes by the book". web.archive.org (2012-04-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-26. Dáta rochtana: 2020-02-12.
  11. "Glór Tíre: Home - TG4 - Irish language television channel - Teilifís Gaeilge". web.archive.org (2014-11-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-11-04. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  12. Friday, October 26, 2007 (2007-10-26). "Tension mounts as Ó Sé walks" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  13. Friday, October 26, 2007 (2007-10-26). "Tension mounts as Ó Sé walks" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  14. "If it wasn't for TG4 | Maura & Dáithí" (as en) . 
  15. "Forget NYC and LA ... it’s all about Route 66" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  16. "All Ireland Talent Show judges revealed" (as en) (2008-11-13). 
  17. "Rose of Tralee 2010's most-watched show" (as en) (2010-08-26). 
  18. Ciara Phelan (2019-08-19). "Daithi O Se 'heartbroken' at leaving family behind to prep for Rose of Tralee". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  19. "Beo ar Éigean 89: Dáithí Ó Sé ar BAE" (as ga) (2019-07-25). 
  20. "RTE brings back familiar faces for new live show" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  21. "Today with Maura and Dáithí" (as en) (2019-09-13). 
  22. "RTE's Daithi O'Se jumps to the defence of an Irish tourist who alleges a Glasgow taxi driver refused to allow her friends speak Irish". www.gaelport.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.[nasc briste go buan]
  23. Ruth Devaney. "Dáithí Ó Sé Talks About How We Can Keep Speaking Our Irish Language". TodayFM. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  24. "New Irish language newspaper for students". www.gaelport.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.[nasc briste go buan]
  25. Mikie O'Loughlin (2019-08-29). "Who is Daithi O'Se? All you need to know about Rose of Tralee and RTE presenter". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  26. "'I knew if she gets the Rose, I can't marry her' - Dáithí Ó Sé on falling in love at first sight with wife Rita" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  27. "'I never asked out a Rose before Rita' - Dáithí Ó Sé reminisces about meeting his wife at the Rose of Tralee" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  28. Demelza De-Burca (2014-12-01). "RTE star Daithi O'Se says the birth of son Michael Og was the highlight of his year". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  29. "Dáithí Ó Sé" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  30. Daithí Ó Sé (2015-11-18). "Daithí Ó Sé" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.