Réics Carló
Jump to navigation
Jump to search
Bleachtaire ficseanúil is ea Réics Carló a tháinig as peann an úrscéalaí Cathal Ó Sándair. Scríobh Cathal sraith fhada úrscéalta beaga faoi eachtraí Reics Carló, a iníon Fionnuala, Brian Ó Ruairc a chúntóir óg agus a phríomhnámhaid Randa Dal. In ómós do Reics Carló, tugtar Gradam Reics Carló ar an ngradam a bhronnann Oireachtas na Gaeilge ar an leabhar is fearr do dhaoine óga.
Leabhair sa tSraith[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Buachaillí Chluain Éanna 1952)
- Cailíní Chluain Éanna agus fear an chlóca dhuibh (1954)
- An chathair seo 'gainne (1946)
- Cluain Éanna arís (1952)
- An corpán s trúnc (1944)
- Dúnṃharbhú i bpáirc an chrócaigh (1944)
- An gluaisteán sídhe (Baile Átha Cliath [Dublin]: Oifig an tSoláthair, 1945)
- Jacko agus scéalta eile (1944)
- An lá geal (1945)
- Mo chara, mo namhaid (Baile Átha Cliath [Dublin]: Oifig an tSoláthair, [1967])
- Réics Carló ar an ngealaigh (1950)
- Réics Carló ar dhá eachtra eile (1950)
- Réics Carló Ar Oileán Mhanann Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1984. (tá aistriúchán Manannaise ar fáil faoin teideal Reks Carlo ayns Mannin aistrithe ag Brian Stowell): Oifig an tSoláthair: Le ceannach ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, 1984)
- Réics Carló san Aifric (1951)
- Réics Carló san Éigipt (1951)
- Soir ón Rio Grande (1949)
- Súile an fodhail (1946)
- An t-eiteallán do-fheicthe (1943)
- Triocha písa airgid (1943)
- Uathbhás i mBrugh na Bóinne (1944)
- Fáilte ar ais, a Réics!, (1981)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |